De réir dhaonáireamh 2004 is é líon a lucht cónaithe 1,294,168.
Cathair naofa
Is í Meice an chathair is naofa in Ioslam. Tá al-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa sa dhomhain, de réir na Moslamach.
Oilithreacht
Is cathair oilithreachta í Meice. Tá oilithreacht bhliantúil ann, an hajj. Tá sé ar na cúig dhualgais reiligiúnach atá ar gach Moslamach an hajj a dhéanamh uair amháin i saol an duine, ar a laghad.
Tarlaíonn an hajj i mí Du al-Hijja, an mí deireanach san fheisire na gealaí Ioslamach. Glacann na milliúin Moslamach páirt ann gach bliain.
Tubaistí
Bíonn an Déardaoin ar an lá is contúirtí den hajj gach bliain, mar go dtiteann sé ar Eid al-Adha, lá a maraíonn Moslamaigh caora agus de bharr go mbíonn an oiread sin oilithrigh ag marú na n-ainmhithe san aon áit amháin, ag an t-am céanna.
Ar an 24 Meán Fómhair2015, bhí timpeall 2,500 básaithe;[1] b'amhlaidh a brúadh i mullach a chéile iad. Dúirt an rialtas nach maraíodh ach 700, agus gur bhraith sé go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh,[2]
Bhí fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman, faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil. Ach dúirt Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.