Stáisiún Atocha (traein uimhir 21431) – Trí bhuama ag 07:37 - 07:38.
Stáisiún El Pozo del Tío Raimundo (traein uimhir 21435) – dhá bhuama ag 07:38.
Stáisiún Santa Eugenia Station (traein uimhir 21713) – buama amháin ag 07:38.
Calle Téllez (traein uimhir 17305) - ceithre bhuama ag 07:39.
Dúnmharaíodh 194 duine agus gortaíodh timpeall 2,050.
Chuir triúr (Jamal Zougam, Sarhane Abdelmaji agus Jamal Ahmidan) lámh ina mbás féin ar an 3 Aibreán 2004. D'éalaigh sceimhlitheoirí eile.
Ar 31 Deireadh Fómhair 2007, ciontaíodh 21 duine.[1]
Iarmhairtí
Tharla na hionsaithe trí lá roimh olltoghcháin na Spáinne. Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta2004, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Mártaː[2]
Ar an lá céanna, d’ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht. Fiú ghlac Rún 1530 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gurb é ETA a bhí freagrach as an sléacht.[3][4]
Ach oíche roimh an olltoghchán, ghlac rialtas an Partido Popular (ar an eite dheis) leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoiríIoslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin. Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an Partido Popular agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile. Is é an mana a bhí le cloisteáil ná "queremos la verdad antes de votar": “táimid ag iarraidh na fírinne sula gcaithimid ár vótaí”. Bhí bua ollmhór ag an Partido Socialista san olltoghchán an lá dár gcionn.
Is síol faoin Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.