Ceimicí a rugadh i dTaunton, Massachusetts is ea William Standish Knowles (1 Meitheamh1917 – 13 Meitheamh2012). Chaith sé a shaolré le comhlacht Monsanto. Rinne sé taighde ar chatalú ciriúil ar chomhdhúile orgánacha a rothlaíonn plánasolais atá polaraithe i bplána. Mar shampla, déanann tuaslagánsiúcra é seo. Rothlaíonn comhdhúile ar leith an plána polaraithe ar deiseal, agus comhdhúile eile ar tuathal. Tá cuid mhaith comhdhúl mar seo, drugaí, feithidicídí, is leasuithe talún ina measc, a tharlaíonn in dhá struchtúr, gach ceann ina íomhá scáthánach ar a chéile, ag rothlú plána polaraithe sa treo eile ón gceann eile. Fuair Knowles amach nárbh ionann éifeacht an dá struchtúr ina bhfeidhmeanna mar dhrugaí is eile, agus uaidh sin bhí sé in ann an struchtúr is éifeachtaí a roghnú is éifeacht na gcomhdhúl a fheabhsú go mór. Le Barry Sharpless is Ryoji Noyori, bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 2001 as an saothar seo.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.