Fisiceoir teicniúil Gearmánach ab ea Fritz Walther Meissner (Gearmáinis: Meißner) (16 Nollaig 1882 – 16 Samhain 1974). [1]
Rugadh Meissner i mBeirlín do Waldemar Meissner agus Johanna Greger. Rinne sé staidéar ar innealtóireacht mheicniúil agus ar fhisic in Technische Universität Berlin (Ollscoil Theicniúil Bheirlín), agus ba é Max Planck a mhaoirseoir dochtúireachta. Chuaigh sé isteach sa Physikalisch-Technische Bundesanstalt i mBeirlín ansin. Ó 1922 go 1925, thóg sé an tríú leachtaitheoir héiliam is mó ar domhan, agus sa bhliain tháinig sé ar Iarmhairt Meissner,[2] díchur an réimse mhaighnéadaigh i bhforsheoltóirí. Bliain ina dhiaidh sin, ceapadh é ina stiúrthóir ar roinn na fisice teicniúla sa Technische Universität i München. (Ollscoil Theicniúil München).
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, rinneadh uachtarán d'Acadamh Bavárach na nEolaíochtaí agus na nDaonnachtaí (Gearmáinis: Bayerische Akademie der Wissenschaften) de. Sa bhliain 1946, ceapadh é ina stiúrthóir ar an gcéad choimisiún taighde maidir le teocht íseal de chuid an acadaimh. Bhí saotharlanna lonnaithe i Herrsching am Ammersee go dtí 1965, nuair a aistríodh go Garching iad. Bhí Meissner ina chónaí ina aonar lena dhá mhadra le roinnt blianta anuas dá shaol. Fuair Meissner bás i München sa bhliain 1974.Bhí Meissner ina chónaí leis féin lena dhá mhadra le roinnt blianta sula bhfuair sé bás. Fuair Meissner bás i München i 1974.
Tagairtí
Naisc sheachtracha