Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd Spree agus Havel, agus an stát cónasctha úd Brandenburg á timpeallú ó gach taobh.
Bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne sna 1940idí. Sna tréimhse 1949-1990, bhí an chathair dealaithe ina dhá cuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar. Ba í Beirlín Thoir príomhchathair Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne. Ba é dearcadh mhuintir na cathrach féin gur ceann de stáit de Phoblacht Chónasctha na Gearmáine a bhí ann, ach ní raibh na cumhachtaí forghabhála, an tAontas Sóivéadach ach go háirithe, sásta glacadh leis seo. Ba é polasaí Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach go háirithe, Selbständige Politische Einheit West-Berlin ("Slánaonad Polaitiúil Neamhspleách Bheirlín Thiar") a thabhairt ar an leath thiar den chathair.
Ar 24 Meitheamh1948, d’ordaigh Stailín go ndruidfí gach bóthar, iarnród agus bealach uisce isteach go Beirlín Thiar. Tugadh ‘fadhbanna teicniúla’ mar fháth oifigiúil ar an chinneadh seo.
Sa bhliain 1949, tharla aertharlú chun Beirlín Thiar a shábháil. Tógadh dhá mhilliún tona earraí isteach le linn na tréimhse seo. Cuireadh deireadh leis ar 12 Bealtaine1949.[1].
Sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath den chathair.
Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.
Ar an 23 Eanáir1990 thosaigh an rialtas sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín chun na píosaí is fearr le graifítí a dhíol.[2] Ar an 13 Meitheamh1990 thosaigh saighdiúirí teorann sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín go hoifigiúil.[3]
Spórt
Mar gheall ar an spórt i mBeirlín, is iad Hertha BSC agus 1. FC Union Berlin a imríonn sa dara sraith, Zweite Bundesliga, na clubanna sacair a bhfuil an cáil is mó orthu. Tá clú agus cáil ar Alba Berlin mar fhoireann cispheile.
Íomhánna
An Reichstag, suíomh Pharlaimint na Gearmáine
An túr teilifíse i mBeirlín-Tiergarten.
Siegessäule (Colún an Bhua) i mBeirlín
Caisleán Charlottenburg i mBeirlín.
Geata Brandenburg
Balla Bheirlín sa bhliain 1986.
Balla Bheirlín sa bhliain 1989.
Potsdamer Platz i mBeirlín.
Gedächtniskirche (Eaglais cuimhneacháin)
Buddy Bär
Ceantair
Tá an chathair roinnte in dhá cheantar déag ar a dtugtar Bezirke nó Verwaltungsbezirke (ceantair riaracháin), mar seo a leanas:
Is síol faoi thíreolaíocht na Gearmáine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.