D'iompaigh Impireacht na Róimhe, Constaintín Mór chun na Críostaíochta tar éis dó fís a fheiceáil roimh an gcath mór le rá ag Droichead . Chonaic sé chi-rho sa spéir, agus ansin an mana In Hoc Signo Vinces, a dúirt leis nó mbuafadh sé faoi comhartha na Croise. Le himeacht ama, d'éirigh Mac téann idir an Chrois agus an mana.
Dar le sean-nós, bhuail Naomh Pádraig sciathán Chonaill mhic Néill lena bhacall, agus bhaist sé é. Dar le Life and Acts of Saint Patrick (alt 138), thug seo le fios go mbeadh an lámh in uachtar ag Conaill agus a shliochtaigh faoin gcomhartha úd.[3] Tá an seanscéal seo le fáil sa saothair níos déanaí Lebhar Inghine i Dhomhnaill.[4]
Is iad an príomharmas agus mana Uí Chonaill iad sciath agus Chonstaintín,[5] i bhfoirmeacha éagsúla, thar na cianta.
Tá stair Uí Dhubhghaill lán go béal le cogadh cathartha in éadan ngaol agus a gcomharsana cumhachta Uí Néill Thír Eoghain, maraon lena n-iarrachtaí, a gcuid éileamh ar ríogacht tuaisceart Chonnacht,[2] agus tuilleadh talún san Ulaidh, a vvv. D'aithin Anraí III Shasana Tír Chonaill mar ríocht neamhspleách.[6]
Teacht i réim
Ba é an chéad taoiseach suntasach na clainne é Gofraidhl Ó Domhnaill Mhóir. Sa bhliain 1257, bhí Gofraidh ina bhuaiteoir i gCath Creadran-Cille in éadan na Normannach. D'éag Gofraidhe dá ghonta ag troid in éadan Bhrian Uí Néill go díreach i ndiaidh sin. Tháinig a dheartháir, Domhnall Óg, i gcomharbacht air mar thaoiseach.[2]
Le himeacht ama, fuarthas aithne ar Uí Dhomhnaill mar rí na n-iasc ar an mór-roinn,[7] de bharr a saothrú iascach bradán agus scadán.[8]
Pátrúnacht
Patrúin na n-ealaíon, litríochta agus cúrsaí creidimh ba ea Uí Dhomhnaill. Scríobh Manus Ó Domhnaill beathaisnéis ar Cholm Cille. Thugadar tacaíocht dosna Proinsiasaigh i Mainistir Dhún na nGall. Bhí cearta "jus patronus" acu chun easpaig a cheapadh.
Go déanach sa 12ú haois, thug Uí Dhomhnaill tearmann do chlann Mhic Dhuinnshléibhe na Ulaidh, tar éis chuirfeadh a ríocht ag John de Courcy sa bhliain 1177. Chuaigh siad i mbun seirbhíse Uí Dhomhnaill mar ollamh leighis.[9] Ghlac géag den chlann an sloinne Mac an Ultaigh.[10][11][12]
Sa 13ú haois, thug Uí Dhomhnaill cúnamh don iar-rítheaghlach Uí Fhiachrach Aidhne, .i. Uí Chléirigh, a chuaigh i mbun tseirbhís Uí Dhomhnaill mar ollamh rí. Phós Donnchadh Ó Cléirigh le hOnóra Nic an Ultaigh, agus bhí mac acu Micheál (c. 1590 – 1643), príomhscríobhaí Annála na gCeithre Máistrí.
Chuaigh Ruairí ar deoraíocht le Imeacht na nIarlaí sa bhliain 1607, agus eisreachtaíodh an teideal de thairbhe sin sa bhliain 1614.[13] Cuireadh Tír Chonaill agus Uladh faoi phlandáil. D'éag sé sa Róimh ar an 28ú Iúil 1608.[13]
Tar éis bhás Ruairí, tháinig an mhac, Aodh Albert (ainm cóineartaithe in ómós a phatrúin, an Ard-diúc) i gcomharbacht mar an dara hIarla — cé eisreachtaithe i Sasana, níorbh amhlaidh san Ostair. D'éag Aodh Albert gan chlann sa bhliain 1642, agus ceapadh Aodh Balldearg Ó Domhnaill mar chomharba.
An lae inniu
Duine suntasach den chlann ba ea Cardinal Patrick O'Donnell. Leasaitheoir talúntais ba ea Thomas O'Donnell Teachta Parlaiminte (TP) Chiarraí Thiar (1900–1918) was a leading agrarian reformer, agus an chéad TP a labhair as Gaeilge in Westminster. Is seanadóir Éireannach é Brian Ó Domhnaill.
Agus an t-ord Gaelach i réim, d'insealbhaítí Ceann na Fine faoi dlíthe na tánaisteachta. Tarlaíonn an oidhreacht agus ar bhun cheart céad-ghinteachta firinne. Ceapadh John O'Donell den ghéag Cheathrú Mhic Oireacht mar Cheann na Fine ag an gcéad Phríomharalt agus foilsíodh amhlaidh ar an 11ú Meán Fómhair 1945 san Iris Oifigiuil. Is é Ceann reatha na Fine ná a mhac, an t-athair Hugh Ambrose O'Donell, O.F.M., sagart Proinsiasach i gCill Iníon Léinín, ar scor ó na misin i Zimbabwe.
Is é tánaiste Hugh ná Don Hugo O'Donnell, Diúc Tetuan. Tá Don Hugo gníomhach san Clan Association of the O'Donnells, agus ball den a member of the nobiliary Sovereign Military Hospitaller Order of Saint John of Jerusalem, de Rhodes, agus d'Ord Mhálta.
De thairbhe chomhairle an Ard-Aighne, chuir an Príomh-Aralt stop le haitheantas Chinn na Fine sa bhliain 2003.[14]
O'Donnell, Francis Martin (2018). "The O’Donnells of Tyrconnel – A Hidden Legacy". Academia Press.
O'Donnell, Vincent (2007). "O'Donnells of Tyrconnell - A Concise History of the O'Donnell Clan". Dalach.
The Life of Hugh Roe O'Donnell, Prince of Tyrconnell (Beatha Aodh Ruadh O Domhnaill) le Lughaidh O'Cleirigh. Eagraithe le Paul Walsh agus Colm Ó Lochlainn. Irish Texts Society, iml. 42. Baile Átha Cliath: Educational Company of Ireland, 1948 (lámhscríbhinn bhunúsach Ghaeilge Acadamh Ríoga na hÉireann i Baile Átha Cliath).
Burke, Sir Bernard (1866), "O'Donnell–Earl of Tyrconnell", A Genealogical History of the Dormant: Abeyant, Forfeited, and Extinct Peerages of the British Empire, Harrison, pp. 408–410
Vicissitudes of Families, by Sir Bernard Burke, Ulster King of Arms, Longman, Green, Longman and we my plRoberts, Paternoster Row, Londain, 1861. (Alt faoi Uí Dhomhnaill, ll. 125-148).
A View of the Legal Institutions, Honorary Hereditary Offices, and Feudal Baronies established in Ireland, le William Lynch, Fellow of the Society of Antiquaries, Longman, Rees, Orme, Brown, and Green, Paternoster Row, Londain, 1830 (Uí Dhomhnaill: lch. 190).
The Fate and Fortunes of the Earls of Tyrone (Hugh O’Neill) and Tyrconnel (Rory O’Donel), their flight from Ireland and death in exile, le C. P. Meehan, M.R.I.A., 2a heagrán, James Duffy, Londain, 1870.
The Fighting Prince of Donegal, Scannán le Walt Disney, 1966, faoi bheatha Aodha Rua Ó Domhnaill, phríomhpháirteanna le Peter McEnery, Susan Hampshire, Gordon Jackson agus Andrew Keir.
Erin’s Blood Royal – The Gaelic Noble Dynasties of Ireland, le Peter Berresford Ellis, Constable, Londain, 1999, (ll. 251-258 fair Ó Domhnaill).
Vanishing Kingdoms - The Irish Chiefs and Their Families, le Walter J. P. Curley (iar-ambasadóir SAM ar Éirinn), réamhalt le Charles Lysaght, The Lilliput Press, Dublin, 2004 [ISBN1-84351-055-3 & ISBN1-84351-056-1]. (Áit faoi 'O'Donnell of Tyrconnell', lch 59).
A Political Odyssey - Thomas O'Donnell, le J. Anthony Gaughan, Kingdom Books, Baile Átha Cliath, 1983.
↑Lebhar Inghine i Dhomhnaill, scríofa sa 17ú haois sa Choláiste Proinsiasach Éireannach i Louvain, caomhnaithe agus san Bibliotheque Royale san Bhruiséil (LS 6131-3). Féach freisin Genealogical Office Manuscript "Knights Dubbed" no. 51, lch. 115, le haghaidh samplaí.
↑see Close Roll, in the Tower of London, 28 Hen. 3m.7
↑O’Domhnaill Abu, Newsletter of the O’Donnell Clan Association, ui. 17, lch. 2
↑Simms, Katherine. Late Medieval Donegal, cuid 6 in Donegal History and Society – Interdisciplinary Essays etc. edited by Nolan, Ronayne, & Donleavy, Geography Publications, Baile Átha Cliath, 1995
↑Edward MacLysaght, The Surnames of Ireland, 5ú heagrán, Irish Academic Press, Baile Átha Cliath, 1980, lch. 238, 292
↑Rev. Patrick Woulfe, Irish Names and Surnames, ll. 356, 518
↑A. Nic Donnchadha, “Medical Writing in Irish”, in 2000 Years of Irish Medicine, J. B. Lyons, eag., Baile Átha Cliath, Eirinn Health Care Publications, 2000, lch. 217
↑Susan Wilkinson, “Early Medical Education in Ireland”, Irish Migration Studies in Latin America, iml. 6, ui. 3 (Samhain 2008), ll. 157-158