Tá traidisiún láidir ceoil thraidisiúnta i gContae Shligigh. Tá cáil ar dheisceart Shligigh, go háirithe, mar gheall ar an gceol traidisiúnta, le laochra ceoil mar James Morrison, Michael Coleman, Paddy Killoran an banna 'Dervish' agus an seinnteoir feadóige stáin Carmel Gunning beirthe san áit sin. Tá neart fleánna ag an gcontae agus tá Scoil Samhradh Idirnáisiúnta na Banríona Maedhbh, scoil cheoil is rince cháiliúil, a bhíonn ar siúl chuile bhliain i Mí Mheán Fómhair i gcathair Shligigh aitheanta.