Bhí Barrett ina phríomhchumadóir le Pink Floyd sna 1960idí. Scríobh Barrett an chuid is mó den albam rathúil The Piper at the Gates of Dawn, an píosa ceoil ab fhearr a bhí acu sa tréimhse seo.
Thosaigh staid meabhrach Barrett ag éirí go dona ag deireadh na 1960idí. Bhí sé ag tógáil drugaí, LSD go háirithe, agus ar feadh tamaill bhí fadhbanna intinne troime aige.
Cuireadh as an mbanna é sa bhliain 1968, agus tháinig David Gilmour isteach ina áit. Rinne Barrett cúpla albam ina aonar, ach ansin d'éirigh sé as.
Bás
Chaith Barrett an chuid eile dá shaol i gCambridge, i dteach a mháthar. Bhuail ailse phaincréis é; ní raibh ach 51 bliain d'aois slánaithe aige nuair a bhásaigh sé ar an 7 Iúil 2006,
Rinne Pink Floyd cúpla amhrán mar ómós do Bharrett, mar shampla Shine On You Crazy Diamond agus Wish You Were Here.
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.