Polaiteoir Éireannach d'Fhianna Fáil ab ea Seán Ó Dochartaigh nó Seán Doherty (29 Meitheamh 1944 - 7 Meitheamh 2005) a d’fhóin mar Chathaoirleach ar Sheanad Éireann ó 1989 go 1992 agus mar Aire Dlí agus Cirt ó Mhárta 1982 go Nollaig 1982. D’fhóin sé mar Theachta Dála (TD) ó 1977 go 1989 agus 1992 go 2002. Bhí sé ina Sheanadóir don Phainéal Riaracháin ó 1989 go 1992.
Cúlra
Rugadh agus tógadh é i Cootehall in aice le Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin, cuireadh oideachas air ar leibhéal náisiúnta i gContae Liatroma agus ansin i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí .
I 1965, tháinig Ó Dochartaigh chun bheith ina bhall den Gharda Síochána agus d’fhóin sé mar Bhleachtaire i Sligeach sula ndeachaigh sé leis an mBrainse Speisialta i mBaile Átha Cliath go luath sna 1970idí.í.
Tháinig Ó Dochartaigh ó theaghlach a raibh traidisiún fada seirbhíse poiblí agus baint pholaitiúil acu i gContae Ros Comáin. I 1973 ghlac Doherty suíochán ar Chomhairle Contae Ros Comáin, a bhí folamh tar éis bhás a athar.
Phós Ó Dochartaigh Maura Nangle, ar deirfiúr í leis an gceoltóir Éireannach Carmel Gunning. Le chéile bhí ceathrar iníonacha acu, bhí Rachel ina comhairleoir ar Chomhairle Contae Ros Comáin.
Gníomhréim pholaitiúil
Tar éis dó fónamh ar feadh ceithre bliana mar ionadaí áitiúil ar Chomhairle Contae Ros Comáin, toghadh Ó Dochartaigh mar TD Fhianna Fáil do dháilcheantar Ros Comáin-Liatroim in olltoghchán 1977.[1]
Tacaí Chathal Uí hEochaidh
I 1979, bhí Ó Dochartaigh ina bhall lárnach den “drong de chúigear” mar a thugtar air a thacaigh le hiarracht Ui hEochaidh ceannaireacht an pháirtí a ghlacadh ar láimh. Ba iad na baill eile Ailbhe Mac Raghnaill, Mark Killilea, Óg, Tom McEllistrim agus Jackie Fahey.
D’éirigh le Ó hEochaidh sa chomórtas ceannaireachta agus tugadh luach saothair do Ó Dochartaigh as a bheith ceaptha mar Aire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt ó 1979 go 1981. Sa ghearrthréimhse 1982 tháinig Ó Dochartaigh isteach i rialtas Fhianna Fáil sa Chomh-Aireacht mar Aire Dlí agus Cirt. Sa phost seo ghlac sé páirt i sraith conspóidí.
Tagairtí