Is í Dúiche na Réine agus an Phalaitíneacht (Tír na Réine uaireanta; i nGearmáinis Rheinland-Pfalz ['ʁaɪnlant 'pfalts]) an seachtú stát is mó de réir daonra agus an naoú stát is mó de réir achair sa Ghearmáin. Tá sí suite in iarthar na Gearmáine. Tá an stát ag críochantacht leis na stáit Ghearmánacha seo: Tuaisceart na Réine agus an Viostfáil, Hessen, Baden-Württemberg agus an tSárlainn. Thairis sin, tá teorainn aici leis an bhFrainc, le Lucsamburg agus leis an mBeilg.
Stair
Tharla Athmhíleatú ar Dhúiche na Réine 7 Márta 1936, nuair a cháin Adolf Hitler Comhaontú Locarno agus sheol sé 15,000 saighdiúir agus 22,000 póilín ón nGearmáin isteach i nDúiche na Réine. Bhí an réigiún, ar an teorainn leis an Fhrainc, ina chrios maolánach “dímhíleataithe” ag an am sin. Sheas na Comhghuaillithe i leataobh, áfach.[1]
Tagairtí
| Is síol faoi thíreolaíocht na Gearmáine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |