Is cathair i g Comhphobal fhéinrialaitheach na Gailíse in iarthuaisceart na Spáinne í Pontevedra. Is é an príomhbhaile den chúige den ainm céanna é. Tá sí suite sna Rias Baixas.
Sa bhliain 1999, chuir siad cosc ar formhór gluaisteáin i lár na cathrach meánaoiseach agus chabhraigh sé go mór leis an gcathair bheith mar chathair fíor insroicthe. Tá sí timpeallaithe ag cnoic ag imeall inbhearr béal abhann Lérez, ag bun Ría de Pontevedra, i gcroílár Rías Baixas. Is lár ionad geilleagar í agus tá tóir ag turasóirí ar an áit. Tá thart ar 83,260 daoine ina gcónaí ann ach sa mhórcheantar uirbeach mórthimpeall tá níos mó ná 185,000; na bardais Poio, Marín, Sanxenxo, Bueu, Vilaboa, Cotobade, Ponte Caldelas, Barro agus Soutomaior ina measc.
Glaotar an Chathair Mhaith uirthi nó Cathair na Lérez agus tá go leor cultúr le fáil ann. Is cathair tábhachtach ar bhealach Tóchair Phortaingéalach ar an gCamino de Santiago agus tá Eaglais ciorcalach ann i gcruth sliogáin mhuirín do na hoilitrigh darbh ainm Muire na n-Oilithreach.
Daonra
Bliain
Daonra
1900
22,330
1930
30,821
1950
43,221
1981
64,184
2004
78,715
2007
80,202
2009
81,576
2012
82,684
2020
83,260
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.