Is í Murcia príomhchathair Chomhphobal féinrialaitheach agus cathair is mó Réigiún Murcia. Tá sé suite in oirdheisceart na Spáinne agus í mar an seachtú cathair is mó sa tír le níos mó ná 443,200 daoine ina gcónaí ann, aon trían de dhaonra an réigiúin. Téann an daonra thar 643,000 nuair a thógtar an mórcheantar uirbeach san áireamh. Tá sí lonnaithe ar abhainn Segura le samhraidh te, geimhridh séimh agus báisteach measartha íseal.
Bhunaigh Éimír Cordoba Abd ar-Rahman II Murcia sa bhliain 825 mar Mursiyah (Araibis: مرسية). Sa lá atá inniu ann is cathair seirbhísí í agus cathair ollscoile. Bíonn tóir ar leith ag turasóirí do Ardeaglais Murcia agus roinnt foirgnimh barócacha, bia, mórshiúil na Cásca le saothar ealaíne Francisco Salzillo, agus Féile an Earraigh; Fiestas de Primavera.
Glaotar Úllord na hEropa ar agus í mar príomhchathar contae Huerta de Murcia de bharr a chuid talmhaíochta go háirithe táirgeadh glasraí, torthaí agus bláthanna. Tá páirc náisiúnta Parque Regional de Carrascoy y el Valle mór ó dheas na cathrach.
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.