Ar an 2 Eanáir 1922, foilsíodh an chéad eagrán de Phoblacht na hÉireann, bileog nuachta phoblachtach.
Bolscaireacht
Bhí an bhileog an-láidir in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannach.[1] Foilsíodh í ar dtús agus idirbheartaíocht ar siúl i gcónaí idir iad siúd a bhí ina aghaidh agus ar a shon. Thug an rialtas amach An Saorstát: the Free State, don chéad uair ar 25 Feabhra 1922.[2]
Bhris Cogadh na gCarad amach sé mhí níos déanaí nuair a bhris Cath Átha Cliath amach agus an t-ionsaí ar na Ceithre Cúirteanna. . Ní gá a rá nár thaitin an bolscaireacht leis an Saorstát ar chor ar bith.
Ba é Erskine Childers, poblachtánach agus an bolscaire mór le rá, a chuir an bhileog in eagar go príomha go dtí gur gabhadh é. Cuireadh é chun báis ar 24 Samhain1922.
Ní ba dhéanaí chuir Frank Gallagher agus daoine eile í in eagar. Le heagráin ní ba dhéanaí tugadh nuacht faoi eachtraí laethúla an Chogaidh Chathartha ó dhearcadh poblachtach. Tháinig deireadh leis an bhfoilseachán timpeall Feabhra 1923.[3][4][5]
Oidhreacht
Bunaíodh An Phoblacht sa bhliain 1925.
Féach freisin
Tagairtí