Seanchaí agus dírbheathaisnéisíÉireannach ab ea Peig Sayers (29 Márta1873 – 8 Nollaig1958).[1][2] Bhí cáil an bhéaloidis ar bhean an Bhlascaoid agus ceansaíodh a cuimhní cinn in go leor leabhar. Ina measc bhí a dírbheathaisnéis 'Peig' – leabhar éigeantach ar churaclam na hArdteistiméireachta ar feadh breis agus 30 bliain.[3]
Bhí Peig Sayers ina cónaí ar an oileán go dtí an bhliain 1953, nuair a tréigeadh na Blascaodaí ar fad. Bhog sí go hospidéal an Daingin. Fuair sí bás ansin sa bhliain 1958, agus tá sí curtha i reiligDhún Chaoin.
Seanchaí
Seanchaí agus scéalaí den scoth ab ea í. Ach ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aici, cé go raibh sé ar a cumas Béarla a léamh agus a scríobh de réir an daonáirimh. Ba dhual athar di é, nó nuair a bhí sí óg, chluineadh sí na mílte scéalta agus eachtraí á n-insint ag a hathair agus é ag déanamh airneáin le fir an bhaile.
Scaip a cáil mar scéalaí agus í fós ina bean óg agus thosaigh scoláirí aitheanta ar chuma Carl Marstrander agus Robin Flower ag bailiú scéalta uaithi.
Dheachtaigh sí a cuid scéalta do Sheosamh Ó Dálaigh (bhí sé ar dhuine den bheagán bailitheoirí lánaimseartha a chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann ag obair i dtríochaidí an 20ú haois).[4]
Pearsantacht
Ard-chomhluadar ab ea í agus lán de ghreann agus de rógaireacht. Ní raibh sí cúngaigeantach in aon aon chor ach a mhalairt, an-oscailte. "Is léir gur laoch í Peig sa lá atá inniu ann ó thaobh an fheimineachais de, feimineachas a bhfuil brí nua leis sa lá atá inniu ann."[3]
Saothair
Le cabhair a mic, Mícheál Ó Gaoithín, foilsíodh a leabhar dírbheathaisnéise 'Peig' sa bhliain 1936.
I measc na leabhar eile inar breacadh a cuimhní cinn tá Machnamh Seanamhná agus Beatha Pheig Sayers.
Tá cáil uirthi go háirithe de bharr a dírbheathaisnéise, Peig. Ba é a mac, Micheál, a bhreac an scéal síos uaithi, agus foilsíodh an leabhar sa bhliain 1936.
Sa bhliain 1962 a cuireadh 'Peig' ar churaclam na hArdteiste don chéad uair. Rinne na glúinte de dhaltaí meánscoile in Éirinn staidéar ar an leabhar sin agus bhí mórán acu nach raibh buíoch de Pheig bhocht. Bhí seanabhlas ag mórán air toisc deacracht na teangan agus duairceas an chuntais, dar leo.
Rinneadh leabhar roghnach don saothar sa bhliain 1995.[3] Mar sin féin roghnaigh mórán múinteoirí an leabhar do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméarachta. Athraíodh an curaclam sa bhliain 1999 agus scriosadh an leabhar 1999.[5]