File Éireannach is ea Paddy Bushe a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Scríobhann sé i mBéarla agus i nGaeilge, agus tá sé ina chónaí i mBaile na Sceilge, Ciarraí. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht air chun cnuasach dátheangach a chumadh a bhaineann le taisteal sa Chianoirthear.
Rinne Bushe scannán cáipéise dar theideal The Truth About Kathmandu, a taispeánadh den chéad uair i bhFómhar na bliana 2009. Freagra a bhí ann ar an scannán Fairytale of Kathmandu, a chuir tús le conspóid faoi Chathal Ó Searcaigh, file. I scannán Bushe cuireadh agallamh in athuair ar roinnt fear óg a bhí in Fairytale agus dearcadh níos báúla i leith Uí Shearcaigh ann.[1]
Saothair
- Poems With Amergin (Baile Átha Cliath, Beaver Row Press, 1989)
- Teanga le Iain Mac a' Ghobhainn. Paddy Bushe a d’aistrigh (Baile Átha Cliath, Coiscéim, 1990).
- Counsellor (Ciarraí, Sceilg Press, 1991)
- Digging Towards The Light (Baile Átha Cliath, Dedalus Press, 1994)
- In Ainneoin na gCloch (Baile Átha Cliath, Coiscéim, 2001)
- Hopkins on Skellig Michael (Baile Átha Cliath, Dedalus Press, 2001)
- The Nitpicking of Cranes, (Dedalus, 2004)
- An Góstfhear, (Coiscéim, 2004)
- Gile na Gile, (Coiscéim, 2005)
- To Ring in Silence, new and selected poems (Dedalus, 2008)
- My Lord Buddha of Carraig EannaSilence, new and selected poems (Dedalus, 2012)
- Ó Choill go Barr Ghearáin, (Coiscéim, 2013)
- On a Turning Wing (Dedalus, 2012)
Naisc sheachtracha
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |