Aithnítear Cathal Ó Searcaigh mar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge.[1] "Tá Cathal Ó Searcaigh ar an bhfile is binne agus is milse béal in Éirinn", adeir Alan Titley. "Ina dhiaidh sin is féidir leis a bheith bog, garbh, scéaltach, Rómánsúil ar a sheal".[2] Laoithe cumainn d'eacstais an tsaoil is ea an chuid is fearr dá shaothar agus tugann sé cuireadh isteach dúinn do charnabhal na beatha. "Ní le Dún na nGall amháin a bhaineann Ó Searcaigh ach leis an gCruinne", adúirt Gabriel Rosenstock.[3] "Baineann sé le gach éinne againn, mar sin, agus leis an gCruinne go léir is í istigh ionainn [...] Is í cantaireacht na Cruinne í, an ceol is binne agus is ársa amuigh."
Bhí filíocht Uí Shearcaigh ar siollabas na hArdteistiméireachta ar feadh cúpla bliain nó gur leasaíodh an cúrsa.[4] Is mar chuid den ‘Phrós Ainmnithe’ atá leabhar Uí Shearcaigh, "Seal i Neipeal"[5], ar an gcúrsa Ardteiste a tugadh isteach in 2012,[1][6] agus go 2024 ar a laghad.[7]
Tógáil
Rugadh Cathal Ó Searcaigh i Mín A' Leá faoi scáth an Eargail i gcomharsanacht Ghort an Choirce i dTír Chonaill. B'as Mín Doire na Slua i bparóiste na Rosann dá mháthair, Agnes Roarty. Fear de bhunadh Mhín A' Leá a bhí i Micí, athair an fhile. Ar nós go leor d'fheara Chloch Cheann Fhaola ag an am shaothraigh Micí a bheatha mar oibrí séasúrach ar fheirmeacha i Mid Lothians na hAlban, sna ceantaireacha sin thart ar Haddington, Dunbar agus East Linton. Thit cúram na feirme a bhí acu i Mín A' Leá ar Agnes nuair a bhí a fear céile as baile. Cathal an t-aon duine clainne a bhí acu.
Scolaíocht
Fuair sé a chuid bunscolaíochta i gCaiseal na gCorr agus a chuid meánscolaíochta i nGairm Scoil Ghort A' Choirce.
"Purgadóireacht anama agus aigne" a thug sé ar a thréimhse sa scoil náisiúnta. "Buillí, bualadh agus brúidiúlacht; sin an chuimhne is buaine atá agamsa ar mo chuid bunscolaíochta. Chan smacht a cuireadh ar mo shamhlaíocht i gCaiseal na gCorr ach ansmacht."[8]
Ach bhí an t-ádh dearg air, adeir sé, a ghabháil chun na gairmscoile i nGort A' Choirce. "Bhí Tomás Breathnach ag múineadh ansin. Eisean a bhí i mbun an Bhéarla. Bhí sé iontach. Chan téacsanna as leabhar an Bhéarla amháin a bhí a theagasc aige – ach téacsanna as leabhar na beatha. Thuig seisean an tábhacht a bhain le saol na samhlaíochta. Mhúin sé filíocht dúinn seachas fíricí. Cheadaigh seisean domh a bheith cruthaitheach."Ibid
Londain
I ndiaidh na gairmscoile chuaigh sé go Londain, Sasana, "le taithí a chuir ar an saol – saol na gcéadfaí go speisialta. Bíonn ort na cúlbhóithre agus na cabhsaí a shiúl sula n-aimseoidh tú na sméara dubha is mó agus is milse."[8] Léigh sé cuid mhór ag an am sin a bhuíochas sin ag gabháil do shiopaí leabhar dara láimhe Charing Cross agus do leabharlann phoiblí Londan. Bhí na Beats ar thús cadhnaíochta – Ginsberg, Corso, Ferlinghetti, Snyder agus dar ndóighe, Kerouac. "Mheall saothar na mBeats mé. Bhí comhcheilg ar bun acu in éadan na gcionbhinsiún. Thug siad an fhilíocht amach ar an tsráid. Shaoraigh siad Bé na hÉigse ó shaol seasc, meánaicmeach na hAcadúileachta, áit a raibh sí ag fáil bháis de dhíobháil aicsean. Agus thug siad cead a cinn díthe an tsráid a shiúl. Dhúisigh na Beats an Dán. Ár nDán."Ibid
Ba i Londain a chum sé a chéad chnuasach filíochta, "Miontraigéide Chathrach".[9] Deir sé fosta gur chuir sé "dúspéis i ngraffiti na cathrach. Litríocht an leithris nó Éigse an Phleidhce nó Cacamas, thaitin sé liom mar go raibh sé greannmhar, graosta, dúshlánach. Shamhlófá gur cuireadh bior dhearg suas tóin na gclicheanna. Scréad dúshláine a bhí sa ghraifítí seo in éadan gach ní agus neach a bhí cúramach, coimeádach, críonna. Tuigeadh domh ag an am go gcaithfeadh friotal na filíochta a bheith chomh beo beathach leis an ghraifítí seo. Cha bheadh tairbhe ar bith teanga a úsáid a bhí chomh righin reoite le cáipéis dlí."[8]
I Londain shaothraigh sé a bheatha ag obair i dtábhairne – "The Ox and Gate", leath bealaigh idir Cricklewood agus Neasden, ceantar mór Éireannach ag an am sin.
Ollscolaíocht
Chaith sé tréimhse (1972-74) ag plé leis an Staidéar Eorpach san NIHE i Luimneach mar a thugtaí ar Ollscoil Luimnigh. Agus é ó dheas d'fhreastail sé ar Úr-Chúirt Éigse na Máighe, scoil filíochta a bhíodh ag Cyril Ó Céirín ina theach cónaí i Mungairit ó Shamhain go Bealtaine, ag déanamh aithrise ar na cúirteanna filíochta a bhíodh sa Tuadhmumhain sa tseanam. Tá fianaise ar an fhilíocht a cuireadh os comhair na cúirte le fáil sa leabhar "Breith" (Cló na Cúirte Éigse, Mungairit, 1974) arna chur in eagar ag Cyril Ó Céirín. Le linn do Chathal a bheith ag freastal ar an NIHE bhain sé cáil amach mar léiritheoir drámaí. Ar na léirithe a stiúirigh sé bhí "Shadow of the Glen", "The Midnight Court", "Moll".
Rinne sé bliain amháin de chéim i nGaeilge i gColáiste Phádhraig, Maigh Nuad (1978-79). Foilsíodh a dhara cnuasach agus é ina mhac léinn i Maigh Nuad – Tuirlingt[11] i bpáirtíocht le Gabriel Rosenstock. Agus é i gColáiste Phádraig bhí sé mar bhall lárnach den fhoirean iomráiteach díospóireachta a bhí acu. Ar an fhoireann chlúiteach sin bhí daoine a thuill cáil mhór ina dhiaidh sin: John O'Donohue, údar Anamchara; Mary Hanafin, Aire Oideachais, Fianna Fáil; Micheál Ó hÉanaigh, Ardfheidhmeannach i gComhairle Condae Dhún na nGall.
I ndiaidh do Maigh Nuad a fhágáil d'oibrigh sé mar láithreoir teilifíse ar "Aisling Gheal", clár ealaíon agus ceoil a léirigh Tony Mac Mahon do RTÉ.
Ó 1981 ar leith tá Ó Searcaigh ag scríobh go lánaimseartha.
File idirnáisiúnta atá ann a bhfuil a chuid filíochta léite aige ag féilte ealaíne ar fud an domhain. Go nuige seo tá aistriúcháin Albáinise, Béarla, Briotáinse, Catalóinise, Danmhairgise, Fraincise, Gearmáinse, Iodáilise, Neapalíse, Polainnse, Rúisise, Rómáinse, Seirbea-Chróitise, Seapáinse agus Spáinnise déanta ar a shaothar.
Ó 1996 tá tréimhsí cáite aige i Neipeal, áit a bhfuil mac uchtaithe aige ann, Prem Timalsina agus anois tá beirt chlainne ag Prem, mac agus iníon Prashant agus Parmita.
Tugann a leabhar "Seal i Neipeal"[12][13] sracfhéachaintí i bhfocail, i bpictiúir agus i bhfilíocht ar an tír dhiamhair sin faoi scáth Everest. "Tá Seal i Neipeal ar cheann de na leabhair is aoibhne agus fearr dar scríbhadh sa Ghaeilge le deich mbliana anuas. Leabhair taistil, ach leabhar smaointe agus leabhar grámhar," adúirt Alan Titley agus é ag tabhairt breith ar shaothar Uí Shearcaigh.[2]
Is mar chuid den ‘Phrós Ainmnithe’ atá leabhar Uí Shearcaigh ar chúrsa na hArdteiste a tugadh isteach sa bhliain 2012[4][1] agus atá ann go dtí 2024 ar a laghad.[7]
Sa bhliain 2008 thóg an scannán, Fairytale of Kathmandu,[14][15][16] aird na meán i dtaca leis an obair charthanach a bhí ar siúil ag an fhile i Neipeal agus an gaol a bhí eadar é féin agus na fir óga a raibh sé ag cabhrú leo. Dhírigh an plé ar mhíchothromaíocht chumhachta agus mar sin de.[17][18][19]
Cáineadh lucht déanta an scannáin as míbhuntáiste a ghlacadh ar an fhile san dóigh gur cuireadh an scannán i láthair.
Chuir Dermot Moore ón iris Hot Press agallamh cuimsitheach i mBéarla faoi gconspóid ar an fhile a foilsíodh i mí Feabhra 2009.[20][21] Labhair an file faoi ar RnaG,[22][23] ag dúirt go raibh aiféala air má ghoill a shaol pearsanta ar aon duine ach nach raibh aon rian den dúshaothrú ag baint lena chaidreamh leis na fir. Rinne Paddy Bushe scannán cosanta dar theideal The Truth About Kathmandu (2009).[24]
2000: Bronnadh The Irish Times Literature Prize ar "Ag Tnuth leis an tSolas, Dánta 1975–2000
2007: The Ireland Fund Literary Award
2013: Mórán duaiseanna Oireachtas na Gaeilge buaite aige thar na blianta, na cinn is déanaí ar son na mbailiúchán filíochta "Aimsir Arsa" (2013) agus "An Bhé Ghlas" (2016).
Dánta leis ar chúrsa na hArdteistiméireachta le tamall de bhlianta: "Níl Aon Ní", "Fiacha an tSolais", "Fothrach Tí i Mín na Craoibhe", "Maigdiléana", "Na Colmáin".
Déantar staidéar ar a shaothar sna hOllscoileanna in Éirinn agus thar lear.
Saothar
Bhronn Ó Searcaigh bailiúchán dá lámhscríbhiní, á chnuasach ealaíne agus a leabharlann pearsanta féin ar an Stáit. Tá cúram an deonacháin seo faoi Leabharlann Condae Dhún na nGall faoi láthair. Is minic go mbíonn ócáidí chultúrtha ar siúil ina theach cónaí i Mín A' Leá, faoi scáth an Eargail.
Cnuasaigh filíochta
1975: Miontraigéide Chathrach agus Dánta Eile, Cló Uí Chuirreáin
1978: Tuirlingt (i bpáirtíocht le Gabriel Rosenstock agus Bill Doyle, grianghrafadóir) Carbad, BÁC
1987: Suibhne, ainmnithe ar ghearrliosta Irish Book Awards; Coiscéim
1991: An Bealach 'na Bhaile, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co na Gaillimhe
1996: Na Buachaillí Bána, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
2000: Ag Tnúth leis an tSolas, 1975-2000, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
2002: Caiseal na gCorr (grianghraif le Jan Voster) Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
2005: Na hAingle ó Xanadú, Arlen House, Gaillimh
2006: Gúrú i gClúidíní, ealaín le Ian Joyce) Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
2011: An tAm Marfach ina Mairimid (ealaín le Ian Joyce) Arlen House, Gaillimh
2013: Aimsir Ársa (ealaín le Ian Joyce) Arlen House, Gaillimh
2014: Na Saighneáin (ealaín le Ian Joyce) Arlen House, Gaillimh
2015: An Bhé Ghlas, Leabhar Breac, Indreabhán
Eagráin Dhátheangach
1993: Homecoming / An Bealach 'na Bhaile (in eagar ag Gabriel Fitzmaurice), Cló Iar-Chonnacht : Bronnadh Duais an Riordánaigh ar an chnuasach seo, 1993; cuireadh athchló ar an chnuasach go minic
1997: Out in the Open: in eagar ag Frank Sewell, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán : Ainmnithe don Aristeon European Prize for Poetry 1998
2006: By the Hearth in Mín a' Leá: aistriúcháin le Seamus Heaney agus Frank Sewell, Arc Publications : The Poetry Society (UK) Translation Choice for 2006
2015: An Fear Glas / The Green Man, ealaín le Pauline Bewick (aistrithe ag Paddy Pushe, Gabriel Rosenstock agus Frank Sewell) Arlen House, Galway
2016: Out of the Wilderness aistriúcháin le Gabriel Rosenstock) The Onslaught Press, Oxford
Saothair Próis
2004: Seal i Neipeal, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán : bronnadh Duais Piaras Béaslaí ar an leabhar taistil seo ag Oireachtas, 2004[5]
2011: Pianó Mhín na bPréachán (úrscéal) Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
2017: Teach an Gheafta (úrscéal) Leabhar Breac, Indreabhán
2017: Lugh na Bua / The Deliverer: Cathal Ó Searcaigh, Seán Ó Gaoithín, Seán Fitzgerald: The Onslaught Press, Oxford
Drámaí
2005: Oíche Dhrochghealaí: dráma véarsaíochta bunaithe ar scéal Salome/Eoin Baiste, Coiscéim, BÁC
2006: Mairimid Leis na Mistéirí: trí ghearrdhrámaí, Arlen House, Gaillimh
Saothar i mBéarla
2009: Light on Distant Hills, cuimhní cinn, Simon & Schuster, London
2014: Soul Space, leabhar ar chúrsaí spioradálta (foilsithe faoin ainm cleite Charles Agnes) Evertype, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
Stair
1994: Tulach Beaglaoich: Inné agus Inniu / Tulach Begley: Past and Present, Glór na nGael, Fál Carragh
Eagarthóir
1997: An Chéad Chló, rogha de shaothar nuafhilí, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
2013: The Other Tongues: an Introduction to Writing in Irish, Scots Gaelic and Scots in Ulster and Scotland, Duillí Éireann, Béal Feirste
2013: Margadh na Míol i Valparaiso / The Flea Market in Valparaiso: Rogha dánta le Gabriel Rosenstock (roghnaithe ag Cathal Ó Searcaigh, maraon le réamhrá i nGaeilge agus i mBéarla), Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
2014: An tAmharc Deireannach / The Last Look, Rogha dánta le Colette Ní Ghallchóir, roghnaithe ag Cathal Ó Searcaigh, Arlen House, Gaillimh
Eagarthóir ar Duillí Éireann/Irish Pages i bpáirtíocht le Chris Agee; ceann de phríomhirisí litríochta na tíre
Ceol i gcomhar le cumadóirí éagsúla
2005: Tearmann, sraith de dhánta Uí Shearcaigh, cóiriú ceoil le Neil Martin, curtha i láthair an phobail den chéad uair ag Féile Ealaíne an Chlocháin. An West Ocean String Quartet a tabhairt tionlacan don fhile
2009: Oileán na Marbh, liricí Uí Shearcaigh; an ceol cumtha ag Neil Martin, canta ag Maighread Ní Dhomhnaill i bpáirtíocht leis an West Ocean String Quartet); Ae Fond Kiss, West Ocean Records
2012: Síle an tSléibhe, ceoldráma, an ceol cumtha ag Derek Ball, canta ag Elizabeth Hilliard, curtha i láthair an phobail den chéad uair sa Back Loft (La Catedral theatre) BÁC, Meán Fómhair 2012
2013: Rhapsody na gCrann: focail le Cathal Ó Searcaigh, an ceol cumtha ag Ciarán agus Pól Brennan, canta ag Clannad; Clannad: Nádúr, Arc Music
Rinne Cathal tionscnaimh éagsúla ceoil i bpáirtíocht le Altan, Brian Kennedy, Diana Cannon, Nomos, agus go leor ceoltóirí eile.
Tionscnaimh Ealaíne
2003: Trasnú, saothar filíochta le Cathal Ó Searcaigh, taispeántas ealaíne le Maria Simonds Gooding. Foilsíodh catalóg den taispeántas (An Gailearaí, Gaoth Dobhair)
2004: Luxury of a Skylight, in éineacht le Janet Mullarney: dánta agus saothar ealaíne. Eagrán teoranta i gcása, sínithe agus uimhrithe. Foilsithe ag Edizioni Canopo, Prato, Italy
2005: Dialann / Diary, in éineacht le Barbara Lea (ealaíontóir) agus Paulette Myres-Rich (déantóir leabhar), eagrán teoranta i gcása, sínithe agus uimhrithe. Foilsithe ag Traffic Street Press, St Paul, Minnesota
2012: The Green Man, Bailiúchán de 10 liotagrafanna cruthaithe agus curtha i gcló ag Aoife McGarrigle i gCló Ceardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall, maraon le 10 dánta le Cathal Ó Searcaigh: eagrán teoranta i gcása, sínithe agus uimhrithe
2004: The View from Bealtaine, bunaithe ar Cór Úr, dán iomráiteach de chuid Uí Shearcaigh, curtha i gcló ag Barbara Tetenbaum i gCló Ceardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall. Eagrán teoranta, sínithe agus uimhrithe
Leabhair i dtaobh a shaothair
2000: Modern Irish Poetry: A New Alhambra, Frank Sewell, Oxford University Press
2002: On the side of Light: Aistí téacsa agus léirmheasa ar saothar filíochta Uí Shearcaigh, curtha in eagar ag James Doan & Frank Sewell, Arlen House, Gaillimh
2005: Na Buachaillí Dána: Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock le Pádraig de Paor, An Clóchomhar, BÁC
Aistí léirmheasa ar shaothar Uí Shearcaigh
1993: A Going Back to Sources, léirmheas le Michael Longley ar "Homecoming / An Bealach 'na Bhaile", Poetry Ireland Review 39
1996: Cathal Ó Searcaigh: a Negotiation with Place, Community and Tradition, Gréagóir Ó Dúill, Poetry Ireland Review 48
1997: Wrestling with Angels, léirmheas le Sean Lysaght ar "Out in the Open" Poetry Ireland Review 55
1997: The Indelible mark of Cain: Sexual Dissonance in the Poetry of Cathal Ó Searcaigh, Lillis Ó Laoire in "Sex, Nation and Dissent in Irish Writing", eagarthóir Eibhear Walsh, Cork University Press
2000: Irish Writing in the Twentieth Century: A Reader, David Pierce, Cork University Press
2000: Cathal Ó Searcaigh and Aspects of Translation, Nobuaki Tochigi: Éire-Ireland (Spring/Summer 2000) Vol.35
2000: Ag Tabhairt Teanga don Tost, Lillis Ó Laoire, Réamhrá, Ag Tnúth leis an tSolas: Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co Galway[25]
2003: Between Two Languages, Frank Sewell, The Cambridge Companion to Contemporary Irish Poetry, eagarthóir Matthew Campbell: Cambridge University Press
2005: Trén bFearann Breac, plé ar fhilíocht Uí Shearcaigh, Máirín Nic Eoin, Cois Life, BÁC
2007: "For Isaac Rosenberg": Geoffrey Hill, Michael Longley, Cathal O'Searcaigh, aiste le Tara Christie i The Oxford Handbook of British and Irish War Poetry, curtha in eagar ag Tim Kendall, Oxford Handbooks, ISBN 9780199282661
2008: The Given Note – Traditional Music and Modern Irish Poetry, Seán Crossan: Cambridge Scholars Publishing, Newcastle upon Tyne
2009: Préamhachas an Ultachais i bhFilíocht Chathail Uí Shearcaigh, A J Hughes, Filí agus Filíocht: Éigse Cholm Cille, Doire
2010: Cathal Ó Searcaigh: aiste léirmheasa i "Scríbhneoirí faoi Chaibidil, eagarthóir Alan Titley", Cois Life, BÁC
2010: Cathal Ó Searcaigh, aiste léirmheasa le Caitríona Ní Chléirchín i "Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge", eagarthóir Ríona Ní Fhrighil, Cois Life, BÁC
2015: A Major Voice, léirmheas ar "Aimsir Ársa" agus "An Bhé Ghlas" le Paddy Bushe, Poetry Ireland Review 117
Duanairí ina bhfuil a shaothar le fáil
Tá Ó Searcaigh ar dhuine den bheagán filí Gaeilge a bhfuil a shaothar le fáil sna mórdhuanairí de nua fhilíocht na hÉireann. Seo a leanas sampla.
1986: The Bright Wave / An Tonn Gheal, Raven Arts press
1986: Filíocht Uladh, eagarthóir Gréagóir Ó Dúill: Coiscéim, BÁC
1991: The Field Day Anthology of Irish Writing: Volumes III and IV, curtha in eagar ag Seamus Deane, Field Day
1995: Modern Irish Poetry: An Anthology, curtha in eagar ag Patrick Crotty, The Blackstaff Press, Belfast
1996: Anthologie de la Poésie Irlandaise du XXe siecle, Éditions Verdier
1997: Writing the Wind: The New Celtic Poetry, New Native Press, USA
1998: The Oxford Book of Ireland, curtha in eagar ag Patricia Craig, Oxford University Press
2001: Gaolta Gairide, eagarthóir Máirín Nic Eoin: Cois Life, BÁC
2002: A Conversation Piece: Poetry and Art, eagarthóirí Adrian Rice agus Angela Reid: Abbey Press, An Iúraigh
2002: 20th Century Irish Poems, roghnaithe ag Michael Longley, Faber & Faber
2003: The Blackbird's Nest: Poetry from Queen's University Belfast, eagarthóir Frank Ormsby: Blackstaff Press, Béal Feirste
2003: Modern Poets of Europe: a Selection, eagarthóirí Patricia & William Oxley: Spiny Babbler
2004: Poems from the Irish, Gabriel Fitzmaurice: Mercier Press, Cork
2005: Lón Anama: Poems for Prayer from the Irish Tradition, eagarthóir Ciarán Mac Murchaidh: Cois Life, BÁC
2006: The Ulster Anthology, eagarthóir Patricia Craig: The Blackstaff Press, Béal Feirste
2007: Our Shared Japan, eagarthóirí Irene De Angelis agus Joseph Woods: Dedalus Press, BÁC
2008: The Essential Gabriel Fitzmaurice: Selected Poems and Translations: Mercier Press, Cork
2008: Filíocht Ghrá na Gaeilge / Love Poems in Irish, eagarthóir Ciarán Mac Murchaidh: Cois Life, BÁC
2008: The New North: Contemporary Poetry from Northern Ireland, Wake Forest Press, Winston-Salem, North Carolina
2008: A Fine Statement: An Irish Poet's Anthology, curtha in eagar ag John McDonagh, Poolbeg Press, BÁC
2010: The Penguin Book of Irish Poetry, curtha in eagar ag Patrick Crotty, Penguin Books
2010: An Anthology of Modern Irish Poetry, curtha in eagar ag Wes Davies, The Belknap Press of Harvard University Press, Cambridge, Massachusetts
2011: Voices at the World's edge: Irish Poets on Skellig Michael, curtha in eagar ag Paddy Bushe, Dedalus Press, BÁC
2011: The Willow's Whisper: Poetry from Ireland and Native America, eagarthóirí Jill M O'Mahoney agus Mícheál Ó hAodha: Cambridge Scholars, Newcastle upon Tyne
2014: If Ever You Go: A Map of Dublin in Poetry, eagarthóirí Pat Boran agus Gerard Smyth: Dedalus Press, BÁC
2016: Leabhar na hAthghabhála / Poems of Repossession, curtha in eagar ag Louis De Paor, Bloodaxe Books, Cló Iar-Chonnacht
↑An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Rannóg Pholasaí, Cháilíochtaí, Churaclaim agus Mheasúnachta (Márta 2010). "GAEILGE na hARDTEISTIMÉIREACHTA". Dáta rochtana: 2022.