Sa bhliain 714, tharla Cath Bile Tened gar do Maigh nEalta idir Clann Cholmáin, faoi cheannas Murchadha, agus Síol Aodha Sláine. Maraíodh deartháireacha Murchadha, Aodh agus Colga, sa chéad bhabhta. Maraíodh Fhan Aodha, rí Fir CúlBhreá de Síol Dlúthaigh, sa dara babhta.[8][9][10] Sean-achrann a bhí ann. Bhí Diarmaid athair Murchadha maraithe ag Aodh athair Flainn sa bhliain 689.[11] Ar an lá céanna, bhuaigh fir na Mí in éadan mhuintir Uí Fhailí agus mharaigh a rí, Forbasach ó Conghaile.[12]
Go gairid i ndiaidh sin, cuireadh an ruaig ar thaoiseach Shíol Aodha Sláine, Fógartach mac Néill, agus cúrsaí go dtí an Bhreatain".[13][14][15] Dar le roinnt foinsí nua deireanaí, chuir an tArdrí Fearghal mac Maoil Dúin amach é. Dar le roinnt eile, bhí sé féin ina Ardrí. Is amhlaidh ámh gurbh é Murchadh a chuir Fógartach as a choróin.[16]
Bás
Maraíodh Murchadh sa bhliain 715 ag uncail Fógartaigh, Conall Grant. Tugtar an teideal neamhghnách "rí Uí Néill" dó i nAnnála Uladh agus i nAnnála Tiarnaigh.[17][18] Is dócha go dtagann an teideal úd le "rí an Tuaiscirt" a thugtaí do Ríthe Uí Néill an Tuaiscirt mar áiríodh mar ardríthe, agus go gcuireann seo uile in úil go raibh Murchadh ina ionadaí an Ardrí, Fearghal, a deisceart.[19][20]
Clann
Bhí beirt mhac ar a laghad ag Murchadh: Domhnall na Mí, Ardrí; agus Cairbre, a fuair bás sa bhliain 749. D'fhéadfadh é gurbh é Breasal, maraithe sa bhliain 764, mac eile leis. Rinneadh rí Uisnigh de Domhnall, ach tháinig Fógartach ar ais ón mBreatain sa bhliain 716 agus is léir gur phríomhrí Uí Néill an Deiscirt ba ea é.[21][22]
Charles-Edwards, T. M., Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN0-521-36395-0
Charles-Edwards, T.M. (2004), "Domnall mac Murchada (d. 763)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 25 October 2007
↑Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 604.
↑Laurence Maney, Rebuke and Revision in the Early Irish Annals: The Death-Notices of Muirchertach mac Ercae [†534] and Finsnechta mac Cellaig [†808], Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, Iml. 20/21 (2000/2001), ll. 64-85,
Department of Celtic Languages & Literatures, Harvard University, [1].
↑Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 15–36
↑Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 502, table 12.6; Byrne, Irish Kings and High Kings, ll. 275–277.