Bhí gaol ann idir é agus a réamhtheachtaí, Fland Dá Chongal ach ní fios go cruinn cérbh é.[1]
De réir an ríliosta sa Leabhar Laighneach, bhí réimeas trí bliana aige, b'fhéidir idir na blianta 711–714.
Bhí de shean-nós aighneas idir Uí Fhailí agus na ríthe Uisnigh. Sa bhliain 714, rinne sé iarracht leas a bhaint as ruathar a rinne Síl nÁedo Sláine ar Murchad Midi agus rinne sé féin ruathar ar an Mí. Cloíodh agus maraíodh é áfach ag fir na Mí i gCath Garbsalaigh.[2][3]