Is dornálaí í Kellie Harrington, as Rae Portland[1] i mBaile Átha Cliath.[2] Rugadh í ar 11 Nollaig 1989. Bhuaigh sí bonnóir sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo sa bhliain 2021 sa rannóg éadrom-mheáchan (rannóg 60kg na mban) agus arís i bPáras in 2024, an chéad lúthchleasaí ban as Éirinn a bhuaigh bonn ag níos mó ná Cluichí Oilimpeacha amháin..[3][4][5]
Gairm
In ionad Theagmháil na nÓg a rinne Kellie an Teastas Sóisearach. Ina dhiaidh sin, rinne sí cúrsa Spóirt agus Fóillíochta i gColáiste Íde i bhFionnghlas.[6]
Craobh an domhain
Bhuail Kellie Seesondee Sudaporn Seesondee na Téalainne i New Delhi in 2018 chun craobh an domhain a thabhairt léi.[7]
Cluichí Oilimpeacha 2021
Bhí an bonn cré-umha ar a laghad saothraithe ag Kellie tar éis di an ceann is fearr a fháil ar Imane Khelif na hAilgéire.
Támáilte go maith a thosaigh Kellie sa gcomhrac leathcheannais inar chloígh sí an Téalannach, Sudaporn Seesondee, ach de réir a chéile ghlac sí ceannas ar an troid agus í deas cruinn lena dorn.
Ar an 8 Iúil2021, fuair Kellie an ceann is fearr ar an mBrasaíleach Beatriz Ferreira sa gcomhrac ceannais 60kg in Airéine Ryōgoku Kokugikan. Chaill sí an chéad bhabhta, 3-2, ach rinne sí teacht aniar chun an dá cheann eile a bhuachan.[8]
Bhí Kellie ar an tríú dornálaí as Éirinn a thug bonn óir abhaile ó na Cluichí Oilimpeacha (in éineacht le Michael Carruth, 1992, agus Katie Taylor, 2012).[9]
Cluichí Oilimpeacha 2024
Bhuaigh Harrington bonn óir ag Cluichí Oilimpeacha 2024 ar an 6 Lúnasa 2024. Fuair sí an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta ceannais rannóg 60kg na mban ar chúirt Philippe‑Chatrier i staid Roland Garros. Bhí smacht ag Harrington ar chúrsaí ó thús na troda.[5]
Saol pearsanta
Tá Harrington i gcaidreamh le Mandy Loughlin ó 2009 tar éis casadh léi tríd an dornálaíocht[10]. Pósadh iad i mBaile Átha Cliath ar 8 Aibreán 2022.[11][12]
Sa Deireadh Fómhair 2022, d’eisigh Harrington a dírbheathaisnéis, "Kellie" a scríobhadh i gcomhar le Roddy Doyle.
Ar 2 Aibreán 2023, d’fhógair Harrington go raibh sí ag tarraingt siar óna meáin shóisialta tar éis frithfhreagairt mar thoradh ar thvuít ó GB News a bhain le hinimirce, a roinn sí agus a scriosadh díreach ina dhiaidh.