Is eachtra spóirt idirnáisiúnta iad na Cluichí Oilimpeacha a bhíonn ar siúl gach ceithre bliana. Imrítear go leor spórt éagsúla sna cluichí, agus tá cluichí ar leith ann do spóirt an tSamhraidh agus spóirt an Gheimhridh. Bunaíodh na Cluichí Oilimpeacha in Oilimpia na Sean-Ghréige, agus athbhunaíodh iad arís sa Fhrainc ag deireadh an 19ú haois.
Sa lá inniu, is é Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha a eagraíonn na cluichí nua-aimseartha.
Faoin am a dtáinig 1908 bhí roinnt de lúthchleasaithe na hÉireann ag éileamh go bhfaigheadh siad cead iomaíochta ar son a dtíre féin. Diúltaíodh dóibh, ach nuair a bhuail faitíos an lucht eagair go ndéanfadh na hÉireannaigh baghcat ar an ócáid, thoiligh siad ‘Great Britain and Ireland’ a thabhairt ar an bhfoireann. Ceadaíodh foireann haca agus foireann póló de chuid na tíre seo sa gcomórtas freisin mar chuid den réiteach.
Cé nár shásaigh sin chuile dhuine bhí roinnt áithrid Éireannach a bhí sásta dul san iomaíocht agus faoin am a raibh na Cluichí thart bhí 23 bonn Oilimpeach buaite ag lúthchleasaithe a saolaíodh sa tír seo.
Na cluichí nua-aimseartha
Sa tábla seo tá sonraí na gcluichí ó 1896 (nuair a athbhunaíodh na cluichí) go dtí na cluichí is déanaí, chomh maith leis na cluichí atá deimhnithe as seo amach. Cealaíodh na cluichí i 1916, 1940 agus 1944 mar gheall ar na cogaí domhanda a bhí ar siúl.