Ba scoláire é Julius Pokorny (12 Meitheamh 1887– 8 Aibreán 1970) a raibh an-chur amach aige ar na teangacha Ceilteacha, agus ar an nGaeilge go háirithe.[1] Thacaigh sé le náisiúnachas na hÉireann.
Rugadh i bPrág, san Ostair-Ungáir é agus d’fhreastail sé ar Ollscoil Vín, áit ar theagasc sé ón mbliain 1913 go dtí 1920. Bhí sé na ollamh le focleolaíocht Cheilteach ag Ollscoil Friedrich Wilhelm i mBeirlín ó 1920 go dtí 1935, sular fhionn na Naitsithe, d’ainneoin gur thacaigh sé leis an náisiúnachas Gearmánach a bhí ann, gur den chine Giúdach é.
Bhí comhfhreagras idir é féin agus Ruairí Mac Easmainn agus iad i mBeirlín agus san Ostair faoi seach i Mí an Mhárta sa bhliain 1916.[2]
Bhí sé ina eagarthóir ar an iris thábhachtach Zeitschrift für celtische Philologie roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus ba eisean a chuir os comhair an phobail in athuair í ina dhiaidh sin.
D'éalaigh sé go dtí an Eilvéis sa bhliain 1943,[3] áit ar theagasc sé ar feadh cúpla bliain ag Ollscoil Bherne agus ag Ollscoil Zürich go dtí gur éirigh sé as i 1959. Sa bhliain 1954, bronnadh ollúnacht oinigh air ag Ollscoil Ludwich-Maximillian, München, mar ar mhúin sé go páirtaimseartha i 1956 agus arís ó 1960 go dtí 1965. Ba é a scríobh Indogermanisches etymologisches Wörterbuch (Foclóir Sanasaíochta Ind-Eorpacha, 1956), saothar atá in úsáid go forleathan fós inniu. D’éag sé in Zürich ar an 8 Aibreán 1970, beagnach trí seachtaine tar éis do thram é a leagan i ngar dá bhaile féin.
Tagairtí
Naisc sheachtracha