Cine ársa na hÉireann lonnaithe in iardheisceart na tíre ab ea na hIverni (Ἰούερνοι, Iouernoi), luaite don chéad uair riamh sa Geografaíocht (Γεωγραφικη) le Tolamaes sa 2a haois.[1] Deir sé go raibh cathair darbh ainm Ivernis (Ἰουερνίς, Iouernis) laistigh dá gcríocha, agus tugann faoi ndeara gurbh ionann ainm na lonnaíochta seo agus ainm an oileáin go léir, Ivernia (Ἰουερνία, Iouernia).[2]
Tá an t-ainm Iverni fréamhaithe ón bPrót-Ind-Eorpais*PiHwerjoHn, "an tír thorthúil". Is dócha gur dtugtaí tráth an t-ainm úd do gach cine na hÉireann, ach faoi ré Tholamaes, bhíodh ciall níos caoile air, ag lua muintir an iardheiscirt .[3] Samhlaítear na hIverni ó thaobh teangan de leis na hÉrainn (Éraind, Érnai, Érna),[4] dream léirithe i Ríocht na Mumhan agus in áiteanna eile sa luath-mheánaois. Luaitear scaití ríteaghlaigh ríoga réamhstairiúil na nÉrann mar na Dáirine.[5][6]
Clanna stairiúla
Is léir sna dréachta ginealaigh luath-Ghaelacha gur dream ar leith iad na hÉarainn, i dteannta leis na Laigin agus na Cruithne. I measc dreamanna na Mumhan a cheaptar gurbh Érainn iad, faightear:
Is amhlaidh gur dhream cumhachtach iad na hÉarainn le linn na ré réamhstairiúla, ach ina dhiaidh sin fágadh iad ar an imeall, seachas go suntasach na hOsraí diamhra. Bhí meas éigin fós ag Corc Laidhe, sliocht is tábhachtaí Érainn na Mumhan, fiú tar éis éirí aníos na hEoghanachta sa 7ú nó 8ú haois.[7] Is dócha é gur sliocht na nÉrann/Dáirine ó thús ab ea an chlann scaití-cumhachtach Uí Liatháin agus a ngaolta fola an chlann Uí Fidgenti, agus airíodh iad míosa déanaí mar Eoghanachta ar cúiseanna polaitiúla.[8][9]
Creidtear gur luathdhream suntasach eile Éarainn na Munster ab ea na Mairtine, a bhí imithe as radharc ag tús na ré luatstairiúla, cé gur shinsir Déisi Tuaiscirt agus Dál gCais iad b'fhéidir.[10] D'fhéadfadh é gur shinsir na nDéisi Muman iad na hÉarainn, ach níltear ar aon ghuth maidir le seo le tamall fada.
Dáire: Darini, Dáirine
Is an-dócha é go raibh gaol ann idir na hIverni agus na Darini as oirthear Cúige Uladh.[11] Tugann an t-ainm "Darini" gaol le Dáire, (*Darios),[4] mar a maígh roinnt dreamanna stairiúla aitheanta mar Érainn, san áireamh na Dál Riata agus Dál Fiatach in oirthear cúige Uladh[12] chomh maith le bÉrainn na Mumhan.
Dún Droma Dáirine ab ea bunainm ar Dhún Droma, Contae an Dúin; agus Dáirine an t-ainm a glaodh ar na Corcu Loígde, rudaí sa bhreis a chuireann gaol in iúl idir na Darini agus na hIverni.[4]
Ar deireadh, tugtar sna ginealaigh an t-ainm Íth mar bhunshinsear Chorcu Loígde (Dáirine), agus cuireann sin mearbhall ar a sinsearacht agus a ngaol leis na hIverni. I ndáiríre, caomhnaítear ann an fhréamh Ind-Eorpais chéanna, *peiH- ("bheith ramhar, borradh"),[15] agus leis sin bunscéal iomlán na nIverni/Érainn agus a muintire.
Teoiric teangan Uí Raithile
Is teanga hipitéiseach í Ibheirnis a mhol T. F. O'Rahilly, gur theanga P-Ceiltis (is dócha Briotainic) neamhfhianaithe í a labhraítí in Éirinn roimh an nGaeilge. Mhol sé gur labhair na hIverni an teanga seo (agus dá bharr a hainm), agus gur lonnaigh siad in Éirinn ón Bhreatain. D'aithin O'Rahilly dhá fhocal i Sanas Cormaic fréamhaithe ón Ibheirnis: ond, "cloch"; agus fern, "aon rud maith".[16]
Bréagnaíodh an teoiric seo agus dá bharr ní ghlactar í go forleathan i measc scoláirí.[17][18][19] Lena chois sin, is léir go raibh Gaeilis á labhairt ag na hIverni, óir go bhfuil inscríbhinní Oghaim as Gaeilge Chianach is flúirsí i gContaetha Corcaí agus Ciarraí.[20]
Herm, Gerhard (2002). "The Celts". St. Martin's Press.
Quiggin, Edmund (1911). "Ireland § Early History" . Encyclopædia Britannica. 14 (11ú eag.), lch. 757.
J.-J. Tierney, The Greek geographic tradition and Ptolemy's evidence for Irish geography, in ARÉ Proc., Ixxxvi (1976) cuid C, ll. 257–265
Theodore William Moody, A New History of Ireland, lch. 140, Oxford University Press, 1976
Nora Kershaw Chadwick, The Celts, Pelican Books, 1970
C. Thomas Cairney, Clans and Families of Ireland and Scotland, An Ethnography of the Gael, AD 500 – 1750, McFarland & Company Inc, Publishers ISBN0-89950-362-4
T. F. O'Rahilly, Irish Dialects, Past and Present, 1932
T. F. O'Rahilly, The Goidals and Their Predecessors, Londain, The British Academy, 1935
C. F. C. Hawkes, Pytheas: Europe and the Greek Explorers, Oxford University Press, 1977
John Haywood, Atlas historique des Celtes, aistr. Colette Stévanovitch, éditions Autrement, coll. Atlas/Mémoires, Paris, 2002, ISBN2-7467-0187-1.
Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973 ISBN0-7134-5882-8
Duffy, Seán (eag.), Atlas of Irish History. Gill & Macmillan, Baile Átha Cliath, 2a heagrán, 2000 ISBN0-7171-3093-2
Nora Chadwick, The Celts, Pelican Books, 1971
C. Thomas. Cairney, Clans and Families of Ireland and Scotland – An Ethnography of the Gael AD 500–1750, Willow Bend Books, 1989.
Lloyd Robert Laing, The Archaeology of Celtic Britain and Ireland, C. AD 400–1200: C. AD 400 – 1200, Cambridge University Press, 2006 ISBN0-521-83862-2
↑Charles Doherty, "Érainn", in Seán Duffy (eag.), Medieval Ireland: an encyclopedia, 2005, CRC Press, ll. 156–157
↑John V. Kelleher, "The Rise of the Dál Cais", in Étienne Rynne (eag.), North Munster Studies: Essays in Commemoration of Monsignor Michael Moloney. Luimneach: Thomond Archaeological Society. 1967, ll. 230–41.
↑Gearóid Mac Niocaill, Ireland before the Vikings. Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan. 1972.
↑Dáibhí Ó Cróinín, "Ireland, 400–800", in Dáibhí Ó Cróinín (eag.), A New History of Ireland (Volume 1): Prehistoric and Early Ireland. Oxford University Press. 2005, lch. 222
↑Donnchadh Ó Corráin, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in R. F. Foster (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland, Oxford University Press, 2001
↑Eoin Mac Néill, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Proceedings of the Royal Irish Academy (C) 29, 1911, ll. 59–114