Rugadh i gceantar Tarzana, Los Angeles í do Cheri (née Domasin) agus Peter Steinfeld.[2][3] Tá deartháir níos sine aici: Griffin.[4] Is Giúdach é a hathair.[5]
Thosaigh Steinfeld ag aisteoireacht ag ocht mbliana d'aois. Ghlac sí an ról Talia Alden sa gearrscannán She's a Fox.[8] Tháinig a fionnachtain nuair a roghnaíodh Steinfeld as 15,00 cailín don ról Mattie Ross i dTrue Grit nuair a bhí sí trí bliana déag d'aois.[9]
Ghlac Steinfeld Violet ceann de na príomhcharachtair sa dráma grá Begin Again a fuair eisiúint teoranta sna Stáit Aontaithe ar an 24 Meitheamh 2014.[12] Bhí Steinfeld sa phríomhpháirt mar Petra Arkanian in Ender's Game. Is scannán eachtra aicsin ficsean eolaíochta é bunaithe ar leabhar de chuid Orson Scott Card a scaoileadh ar an 1 Samhain, 2013.[13]
2015–inniu: Pitch Perfect 2 agus Haiz
Fuair sí an príomhpháirt mar Eliza in éineacht le comhréalta Ender's GameAsa Butterfield sa scannán athchóiriú Ten Thousand Saints, a thaispeánadh ag an Sundance Film Festival 2015, ar an 23 Eanáir 2015.[14] Bhí Steinfeld roghnaithe chun an phríomhbhean a ghlacadh sa scannán 2015, For the Dogs, ach tháinig Emma Roberts ina háit.[15]
Scaoileadh a céad SL Haiz ar an 13 Samhain 2015. Ar an 27 Feabhra d'eisigh Steinfeld "Rock Bottom" mar dara singil. Bhí a tríú singil "Starving" eisithe ar 15 Iúil, 2016.