Náisiúnaí a bhí ann ina óige, agus cháin Castro tionchar gnó agus polaitiúil na Stáit Aontaithe i gCúba nuair a bhí sé ina mhac léinn. Bhailigh sé buíon ceannairceach timpeall air féin agus rinne sé ionsaí ar bheairic Moncada (in aice le Santiago) i 1953.
Theith Castro thar lear ar feadh tamaill. Tháinig sé ar ais i mí na Nollag 1956 chun tús a chur le treallchogaíocht, a mhair go dtí gur ghlac Castro seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959.
Duine conspóideach a bhí ann: tá an-mheas air go minic sa tríú domhan, fós inniu. I luathbhlianta a réimeas, rinne ranna de chuid rialtas na Stát Aontaithe roinnt iarrachtaí é a mharú nó a chur as oifig.
Óige
Feirmeoir saibhir ba ea athair Fidel, Ángel Castro Argiz, arbh ón Ghailís na Spáinne dó ó dhúchas. Fuair sé a chuid oideachais ó na hÍosánaigh agus ó Bhráithre de la Salle i Santiago de Cúba agus in Colegio de Belén in Havana. Rinne sé staidéar ar an dlí in ollscoil Havana sa bhliain 1945. Thosaigh a chuid gníomhaíochta polaitiúil agus é ina mhac léinn.
Polaitíocht
Thosaigh Castro a chur spéis sa pholaitíocht in ollscoil Havana ó thús. Bhí mic léinn a linne an-chorraithe agus ba mhinic a bhíodh círéibeacha ina measc. Ghlac Castro páirt sa troid agus chuir a naimhde ina leith gur mharaigh sé cúpla duine, ach níl aon fhianaise sásúil ann go raibh sé i ndáiríre ciontach. Chuaigh Castro isteach sa Partido Ortodoxo i 1947, páirtí a chuir in éadan chaimiléireacht an rialtais agus a d'éiligh leasaithe ar an dlí. Rinne ceannaire an pháirtí, Eduardo Chibas, iarracht ar an uachtaránacht, ach scaoil sé é féin agus é páirteach i gcraoladh raidió. Bhí Castro i láthair agus thug sé Chibas chun an ospidéil mar a bhfuair sé bás.
I samhradh 1947 rinne Castro agus a chomhghleacaithe iarracht rialtas na Poblachta Doiminiceánaigh a chur as oifig ach theip orthu. D'éalaigh Castro agus a chairde i raftaí ó na póilíní, ach cé gur theip ar an eachtra bhí cáil ar Castro dá bharr.
An bhliain dár gcionn, 1948, bhí Castro sa Cholóim agus dar le Roinn Stáit Mheiriceá bhí baint aige le cúpla feallmharú sa tír sin. Nuair rinne póilíní na tíre sin iarracht é a ghabháil theith sé go ambasáid a thíre agus tugadh abhaile é.
Phós sé Mírta Diaz Blart, mac léinn de bhunadh saibhir, agus cháiligh sé mar dhlíodóir i 1950. Thosaigh sé ar a chleachtas i Havana, agus d'fhógair sé a thuairimí náisiúnacha go fíochmhar. Rinne sé iarracht suíochán parlaiminte a fháil, ach tháinig an Ginearál Fulgencio Batista i gceannas na tíre tar éis coup d'état agus rialaigh sé an tír le cabhair Mheiriceá.
Thug Castro dúshlán an rialtais sna cúirteanna ach níor éirigh leis, agus bheartaigh sé ansin nach raibh de rogha aige ach éirí amach a eagrú. Bhailigh Castro timpeall céad go leith dá chairde le chéile agus rinne ionsaí ar bheairic Moncada ar an 26 Iúil1953. Theip ar an ionsaí agus maraíodh níos mó ná seasca den lucht ionsaithe.
Chúlaigh Castro agus iarsmaí a bhuíne go sléibhte garbha an Sierra Maestra, ach gabhadh ansin iad. Cuireadh Castro faoi thriail agus daoradh go cúig bliana déag sa phríosún é. Scar a bhean leis nuair a bhí sé ina chime. Ach bhí an t-ádh air nár chaith sé ach dhá bhliain sa phríosún. Ligeadh saor é i mí Bealtaine 1955 agus chuaigh sé ar imirce go Meicsiceo.
Gluaiseacht an 26ú Iúil
Tháinig Castro agus roinnt dá chairde le chéile agus bhunaigh siad Gluaiseacht ar an 29ú Iúil agus é d'aidhm acu Batista a ruaigeadh as oifig. Treallchogaíocht a bhí ar intinn acu. Ba mhór an chabhair don ghluaiseacht an tAirgintíneach óg Ché Guevara a raibh an-mhachnamh déanta aige ar pholaitíocht agus ar chogaíocht.
An Réabhlóid
I dtús Eanáir 1959, ghlac Fidel Castro seilbh ar Chúba tar éis teitheadh Batista ar an 31 Nollaig1958[1]
Aontas na Sóivéadach
Rinne na réabhlóidithe iarracht cabhair a fháil ón Aontacht Sóivéadach ach níor tugadh aird orthu agus bheartaigh siad ar airm agus trealamh a lorg i measc na gCúbach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Meath agus bás
D'éirigh Fidel as a phost mar dheachtóir - nó uachtarán - sa bhliain 2008.[2] D'éag sé 25 Samhain 2016, in aois 90 dó. Cuimhneofar ar an deachtóir Fidel Castro, a dúirt Michael D. Higgins, “mar fhathach i measc cheannairí an domhain, a raibh mar dhearcadh aige saoirse dá mhuintir go léir”:[3] Dúirt daoine in Éirinn ag an am go raibh Higgins ag déanamh dia beag den deachtóireacht.[4] Bhí easpa cumais sa rialtas faoi Chastro agus an tír ag titim as a chéile.[5]