Suite laistigh den bhaile fearainn 'Baile Lios na Scáth' (Béarla: Ballymiscaw),[2] ba leis an t-Urramach John Cleland an eastát ar dtús. Ainmníodh an áit i gcuimhne dúiche i Siorrachd Pheairt agus ciallaíonn an focal 'Stairmhonadh' ; "thar an móinteach" (móinteán).[3]
Foirgnimh
Foirgneamh
Íomhá
Faoi
Foirgnimh an Chaisleáin
Ceanncheathrú na hOifige Feidhmiúcháin, na Roinne Sláinte agus na Roinn Dlí agus Cirt. Díol suntais is ea an Caisleán le haghaidh a úsáid mar suíomh na gcaibidlí a bhain le Chomhaontú Bhéal Feirste.
Bíonn na rialacháin lena rialaítear úsáid an eastáit seo ar thaispeáint ar an bhealach isteach. Achtaíodh iad ar dtús ar an 31 Deireadh Fómhair 1933, in ordú na hAireachta Airgeadais. Leasaíodh iad seo ar dheireadh thiar agus seo a leanas na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair:
The Stormont Estate Regulations, 1933
The Stormont Estate Amendment Regulations (Northern Ireland), 1951
The Stormont Estate Amendment Regulations (Northern Ireland), 1958