Tugtar Críocha Mheiriceá, nó an tOileán Úr, ar Mheiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas le chéile.
Ó shíníonn Críocha Mheiriceá 14,000 km (8,700 míle) ón tuaisceart go dtí an deisceart, bíonn an aeráid agus an éiceolaíocht an-éagsúil, agus idir thundra Artach thuaisceart Cheanada, na Graonlainne agus Alasca; agus fhoraoisí teochriosacha Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas.
Idir 42,000 agus 17,000 bliain ó shin a chuir daoine fúthu i gCríocha Mheiriceá den chéad uair.
An taiscéalaí Lochlannach Leiv Eiriksson a bhunaigh an chéad lonnaíocht Eorpach i gCríocha Mheiriceá. Níorbh fhada buan an choilíneacht, áfach, agus tréigeadh í níos déanaí. Turais farraige Spáinneacha Chríostóir Colambas ó 1492 go 1504 a chuir tús le teagmháil bhuan leis an Eoraip.