Uaireanta bhraitheadh muintir na háite go raibh na logainmneacha seo mídheas, gur leasadar an t-ainm (cf. an logainm BéarlaLeperstown a hathraíodh go Leopardstown): sampla cáiliúil is ea bf Cnoc an Chaca “the hill of the excrement” i gContae Luimnigh, a d’aistrigh muintir na háite go Sugarhill le linn an athrú teangan go Béarla.
Tá sampla againn sa Ghaeilge féin, leis: de réir gach dealraimh ba é Log an Chaca “the hollow of the excrement” bunfhoirm an logainm athmhínithe bf Log an Chatha “the hollow of the battle” i gCo. Shligigh.