Rugadh i mBaile Átha Cliath é. Caitliceach ab ea a athair agus ba Phrotastúnach í a mháthair. Tógadh é le creideamh láidir mar bhall d’Eaglais na hÉireann ach nuair a ceistíodh é faoina chreideamh, dúirt sé go raibh sé idir dhá chomhairle faoin gceist.
Bhásaigh a mháthair nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois. Chuaigh sé ar scoil i Scoil Chuimsitheach Shliabh an Teampaill. B’ansin a tugadh an leasainm ‘Bono Vox of O’Connell Street’ air. Ciallaíonn ‘Bono Vox’ de ghnáth 'an guth maith'. Is é Vox an t-ainmní agus Bono an cuspóir indíreach.
U2
Sa bhliain 1976, d’fhreagair sé fógra a chuir a chomhscoláire Larry Mullen amach chun banna a chur le chéile.
Rinne David Evans (The Edge), a dheartháir Dick Evans (a d’fhág an banna go gairid ina dhiaidh sin) agus Adam Clayton amhlaidh. Do mhúnlaigh an ceathrar a bhí fágtha an grúpa Feedback sular athraigh siad an t-ainm go The Hype agus, ar deireadh thiar thall, shocraigh siad ar an ainm U2. Ar dtús, sheinn Bono an giotár agus chum sé amhráin ach, de réir mar a tháinig feabhas ar The Edge mar ghiotáraí, ní dhearna Bono ach amhráin a chanadh ansin.
Cearta Sóisialta
Sa bhliain 1985 ghlac Bono páirt sa cheolchoirm Band Aid. Le blianta beaga anuas, tá sé ag caitheamh a lán ama ag iarraidh fiacha an Tríú Domhan a chur ar ceal. Bhunaigh sé an t-eagras DATA chun aird an domhain a dhíriú ar chruachás na hAfraice agus chun é sin a chur í gcrích bhuail sé le Paul Martin, Príomh-Aire Cheanada agus an tUachtarán George W. Bush. Bhuail sé le Bush nuair a bhí sé ag tabhairt $5 bhilliún le haghaidh tíortha a raibh meas acu ar chearta daonna.
I Mí Iúil 2005, rinne Bono an iarracht aird a dhíriú ar Live 8, ceolchoirmeacha a bhí le bheith ar siúl timpeall an domhain, a ghríosódh ceannairí na stát tionsclaíochta ar fud na cruinne chun fiacha ollmhóra a chur ar ceal, polasaí trádála a fheabhsú agus i bhfad níos mó airgid a chur ar fáil le haghaidh géarchéimeanna, ina measc an SEIF.
Pearsanta
Tá Bono pósta lena leannán ón mheánscoil, Alison 'Ali' Stewart, agus tá ceathrar clainne acu: Jordan (a rugadh i 1989), Memphis Eve (Eve a rugadh i 1991), Elijah Bob Patricius Guggi Q (a rugadh i 1999) agus John Abraham (a rugadh i 2001).
Sa bhliain 1992, cheannaigh Bono féin agus giotáraí U2, The Edge, an t-óstán dhá réaltá, seachtó seomra codlata, An Clarence agus rinneadh óstán cúig réalt le daichead a naoi seomra codlata as. Gan mhoill bhí sé ar an óstán ab fhaiseanta agus daoire sa chathair.
Sa bhliain 2002, scríobh Bono réamhrá do Leabhar na Salm, ceann de naoi leabhar an Bhíobla a d’fhoilsigh Cannongate Books ceann i ndiaidh a chéile sa tsraith “Pocket Cannons”.
Rinne an clár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta agallamh le U2 sna 1980idí. Rinne Bono a ndícheall cé go raibh meirg ar a chuid Gaeilge. Dúirt Bono go raibh caitheamh ina dhiaidh aige nár fhoghlaim sé tuilleadh Gaeilge agus é ina dhalta scoile.[1]