Is abhcóideAngla-Éireannach í Blinne Nessa Áine Ní Ghrálaigh KC[1] (Abhcóide an Rí). Tá saineolas aici ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta.[2][3][4][5][6][7] Rinne sí ionadaíocht ar son na hAfraice Theas sna himeachtaí dlí ag an Chúirt Chóiriúil Idirnáisiúnta (CCI) a chuir cinedhíothú i leith Iosrael.[8]
Tús a saoil agus oideachas
Tógadh Ní Ghrálaigh i Londain i dteaghlach Éireannach;[9] Ba as Baile Átha Cliath a máthair agus ba as Maigh Eo a hathair.[10] Bhí suim aici sa dlí ó bhí sí óg.
Na Trioblóidí sa Tuaisceart a chothaigh fuath don éagóir inti, a dúirt Ní Ghrálaigh leis an Irish Legal News in 2022.[9] "Bhí mé 12 bliain d’aois nuair a d’aimsigh mé paimfléad faoi Majella O’Hare i gceann de chásanna leabhar mo mháthar. Chonaic mé an pictiúr den chailín óg, agus chonaic mé a haois, agus léigh mé ó chlúdach go clúdach é. ... Le deora, d’fhiafraigh sí dá máthair conas a d’fhéadfadh a leithéid tarlú, agus d’fhreagair a máthair: ‘Déan rud éigin faoi.’ Chuaigh a focail i bhfeidhm go mór orm. Agus choinnigh mé an leabhrán sin … mar mheabhrúchán ar an méid a thug anseo mé."[3]
Tar éis di céim a bhaint amach, d’oibrigh Ní Ghrálaigh do mheitheal mhachnaimh i Meiriceá, d’eagraíocht neamhrialtasach, agus mar fheidhmeannach paraidhlíthiúil do ghnólacht i Londain a d'oibrigh i réimse na gceart daonna. Tairgeadh post di mar bhreathnóir dlí ar Fhiosrú Dhomhnach na Fola,[12] rud a spreag í chun bogadh go Doire ar feadh bliana.[9] Chríochnaigh sí Dioplóma Iarchéime sa Dlí in Ollscoil Westminster agus Máistreacht sa Dlí (LLM) i Staidéar Idirnáisiúnta Dlí in Ollscoil Nua-Eabhrac. Rinne sí gairmchúrsa freisin i Scoil Dlí Óstaí na Cúirte, Baile Átha Cliath.[13]
Gairm
Thosaigh Ní Ghrálaigh le Matrix Chambers sa bhliain 2005, nuair a glaodh chun Barra Shasana agus na Breataine Bige í. Glaodh chun Barra Thuaisceart Éireann í i 2013 agus chun Barra na hÉireann i 2017.[14]
D’oibrigh Blinne Ní Ghrálaigh ar chásanna mór le rá:[2]
Fiosrúchán Saville faoi Dhomhnach na Fola (Doire, 1972) sna 2000idí
Operation Cast Lead: cuairt bhailithe eolais sa Bhruach Thiar agus in Gaza sa bhliain 2009[3]
Croatia v. Serbia (Coinbhinsiún um Chinedhíothú)[15]
An cás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inar chuir an Chróit cinedhíothú i leith na Seirbia.
Conradh na Gaeilge, 2021
In 2021 ghníomhaigh Ní Ghrálaigh ar bhonn pro bono ar son Chraobh Londan Chonradh na Gaeilge i gcás cáiliúil a bhain le cearta teanga. Sa chás sin, bhí cumann an Chonartha ag tacú le muintir Margaret Keane ar diúltaíodh cead dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar i reilig in Coventry.
Ceathrar Colston
Fuarthas neamhchiontach "Ceathrar Colston" as dochar coiriúil a dhéanamh nuair a leag siad dealbh den trádálaí sclábhaithe Edward Colston in Bristol, le linn agóide ‘Black Lives Matter’ i mí an Mheithimh 2020. (Bhuaigh Ní Ghrálaigh an gradam 'dlíodóir na míosa' in 2023 as a cuid oibre ar son ‘Ceathrar Colston’).[9]
Tá Blinne Ní Ghrálaigh ar dhuine de bheirt abhcóidí seachtracha atá ag lucht dlí na hAfraice Theas atá ag líomhain go bhfuil cinedhíothú in aghaidh mhuintir na Palaistíne ar bun ag Iosrael in Gaza.[2] Rinne sí cur síos ar an choimhlint mar ‘an chéad chinedhíothú sa stair mar a bhfuil na híospartaigh ag craoladh a scriosta féin i bhfíor-am, agus iarracht in aisce go dtí seo an méid sin, agus dóchas acu go ndéanfadh an domhan rud éigin faoi’.[8] Leath an cáineadh géar a rinne sí ar fud an domhain.[17]
Leabharliosta
"Human Rights, International Justice and the Rule of Law" i Globalisation – A Liberal Response, Blinne Ní Ghrálaigh le Philippe Sands.
"Towards an International Rule of Law?" i Tom Bingham and the Transformation of the Law: A Liber Amicorum (2009), le Philippe Sands.
"Civilian Protections and the Arms Trade Treaty" i The Grey Zone (2018).