Ar 29 Nollaig2023, thug an Afraic Theas cás dlí in aghaidh na nIosraelach faoin gcinedhíothú a mhaítear ar Phalaistínigh Gaza,[1][2]An Afraic Theas v. Iosrael (Coinbhinsiún um Chinedhíothú).[3][4] Tá sé curtha i leith na nIosraelach ag an Afraic Theas go bhfuil cinedhíothú ar bun acu in Gaza.[5] Tá an Afraic Theas á mhaíomh gurb é rún Iosrael in Gaza ná “cuid mhór de ghrúpa náisiúnta, eitneach agus cine Palaistíneach a scrios”.[6]
Dar leis an Afraic Theas go bhfuil Airteagal 2 den Choinbhinsiún maidir le Cinedhíothú (1948) sáraithe ag na hIosraelaigh san iamhchríoch Phalaistíneach. Deir an Afraic Theas go bhfuil patrún córasach le feiceáil in iompar na nIosraelach in Gaza ar féidir a mhaíomh dá bhíthin gur cinedhíothú atá ar bun acu ann.[5]
Chuir an Afraic Theas i leith Iosrael gur cinedhíothú an aidhm réamhbheartaithe a bhí lena gcuid gníomhartha in Gaza.[10] “Léiríonn na gníomhartha seo ar fad, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, patrún iompair réamhbheartaithe ag Iosrael a chuireann cuspóir cindhíothach in iúl,” a dúirt Adila Hassim, abhcóide de chuid Ard-Chúirt na hAfraice Theas. "“Gach uile lá táthar ag cur le líon na marbh agus leis an scrios ar mhaoin, dínit agus daonnacht phobal na Palaistíne, scrios nach féidir a chur ina cheart go brách.”[6] Dar léi, mar fhianaise ar rún cinedhíothach :
Airm ollscriosta. Ba léir rún Iosrael cinedhíothú a dhéanamh sa tslí ar dhírigh siad ar Phalaistínigh in Gaza le hairm a dhéanann mórscrios agus sa tslí a ndearna siad naoscaireacht ar shibhialtaigh.
Mí-ionracas. Rinneadh Iosrael buamáil a ar áiteanna a bhí fógartha ag Iosrael ina dtearmainn do theifigh.
Ganntanas agus díothacht. Ceileadh ar mhuintir Gaza bunriachtanais na beatha – bia, uisce, cúram sláinte, breosla, córas séarachais agus córas cumarsáide.
Ionsaí arsibhialtaigh neamhchiontacha. Scriosadh tithe, scoileanna, moscanna, séipéil agus ospidéil. Mharaigh Iosrael nó gur ghortaigh siad go dona líon mór páistí agus gur fhág siad go leor páistí ina ndílleachtaí.
Fógraí intuigthe. Ón “leibhéal is airde” de stát Iosrael a tháinig an plean Gaza “a scrios”.[6] D'fhógair Benjamin Netanyahu agus polaiteoirí de chuid Iosrael i bhfad amach ar an eite dheis go mbeadh léirscrios ann. Rinne Netanyahu féin ráitis ghránna.[11][12][13] Mar sin, maíodh sa chúirt gur ón “leibhéal is airde” de stát Iosrael a tháinig an plean Gaza “a scrios”.
Patrún. “Ní thugtar réamhfhógra riamh faoi chinedhíothú ach tá sé de bhuntáiste ag an gcúirt seo go bhfuil fianaise dhobhréagnaithe 13 seachtain againn a léiríonn patrún ó thaobh iompair agus cuspóra atá mar bhunús bailí leis an maíomh gur gníomhartha cinedhíothacha atá i gceist,” a dúirt Adila Hassim.
Bhí an Afraic Theas ag iarraidh go n-ordófaí d’Iosrael éirí as an gcogadh láithreach agus an cogadh i nGaza a chur ar fionraí láithreach.[10]
Cosaint
Mhaígh cosaint Iosrael go raibh údar dlisteanach lena n-ionsaithe ar Gaza i bhfianaise ionradh Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair.[14]
Dúirt Iosrael nach raibh an IDF (Israel Defence Forces nó Airm Iosrael)[15] ag díriú ar shibhialtaigh, agus níor áiríodh sibhialtaigh mar thargaidí.
Réamhrialú agus réamhordú, 26 Eanáir 2024
D’fhógair an CBI go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh.[7][8][9]
Ciallaíonn na téarmaí a úsáideach go gceaptar go bhfuil sé inchreidte go bhfuil cinedhíothú tar éis tarlú.
Tuairimí
Chuir ionadaithe ón Afraic Theas, a thug an cás os comhair na Cúirte, fáilte roimh an bhreithiúnas.
Cháin airí ó Iosrael cinneadh agus údarás na Cúirte.
Níos déanaí, 2024 -
Tá tairseach sách ard ag baint le breithiúnas go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh, agus tá gach éinne gafa leis an gceist cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an tairseach sin bainte amach ag Iosrael in Gaza. Tá go leor coireanna eile atá bainteach le cinedhíothú go bhféadfaí Iosrael a chiontú iontu – comhcheilg chun cinedhíothú a dhéanamh, gríosú chun cinedhíothú a dhéanamh, iarracht chun cinedhíothú a dhéanamh nó claonpháirtíocht i gcinedhíothú. [17]
Ag an am céanna, bhí Netanyahu agus a leithéid ag súil le líomhain an fhrithSheimíteachais a úsáid mar sciath chosanta.[17]
Ar an 24 Bealtaine 2024, thug an CBI ordú d'Iosrael deireadh a chur láithreach bonn leis an mórionsaí ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza. Soilsíodh sa rialú an easpa bia, uisce, saoráidí sláinteachais agus cógas leighis a bhí san iamhchríoch. Bhí an CBI den tuairim nach bhfuil na hIosraelaigh ag tabhairt aghaidh mar is ceart ar an ngéarchéim dhaonnúil. Chuir an Afraic Theas i leith go bhfuil Iosrael ag baint úsáid as an ngorta mar uirlis chogaidh agus an daonra sa Stráice i mbéal an bháis leis an ocras. Fuair níos mó ná 35,000 Palaistíneach marbh ó thús an chogaidh i nDeireadh Fómhair 2023 go dtí Bealtaine 2024.[18]
Trí bhreitheamh dhéag a ghlac leis an rialú (as 15). Is as Uganda agus Iosrael féin an bheirt a chuir ina aghaidh.[18]
Éire
Ar dtús, ní ráibh Éire ag tacú le cás na hAfraice Theas ná ag cur ina aghaidh.[5] D'fhógair an Tánaiste Micheál Martin ar 27 Márta 2024 go bhfuil Éire chun "idirghabháil a dhéanamh" sa chás faoi dheireadh, rud a rinne tíortha go leor eile roimh Éire.[19][20]
Ar an 12 Nollaig 2024, d'fhógair Rialtas na hÉireann "a dtacaíocht do chaingean dlí na hAfraice Theas in aghaidh Iosrael" sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, a mhaígh Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael Gideon Saar.[21] Trí lá níos déanaí, dhún Iosrael a n-ambasáid i mBaile Átha Cliath i bhfianaise "pholasaithe láidre frith-Iosrael" Rialtas na hÉireann.
Tá Blinne Ní Ghrálaigh mar chuid d’fhoireann na hAfraice Theas. Rinne sí cur síos ar an choimhlint mar ‘an chéad chinedhíothú sa stair mar a bhfuil na híospartaigh ag craoladh a scriosta féin i bhfíor-am, in aisce go dtí seo, agus dóchas acu go ndéanfadh an domhan rud éigin faoi’. Leath an cáineadh géar a rinne sí ar fud an domhain.[22]
↑Ar 29 D.F. 2023, labhair sé faoi Leabhar Samuél, nú Ríthe leabhar a haon: "Seo mar adeir Tiarna na sló. Tá léirmheas déanta agam ar ar dhein Amalec in aghaidh Israél, conas mar ’ chuir sé orthu sa tslí nuair a bhíodar ag teacht aníos as an Éigipt. Imigh anois, dá bhrí sin, agus buail Amalec agus ídigh, amu’ ’s amach, gach ní dá bhfuil aige. Ná spáráil é, agus ná sanntaigh aon ní is leis, ach mairbh idir fear agus bean agus leanbh agus naíon ag deól, damh agus caíora, camall agus asal."
↑mhaíonn Iosrael "go bhfuil údar bailí lena n-ionsaithe ar Gaza i bhfianaise ionradh Hamas" ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 (tuairisc.ie)