Cor cinniúnach i stair na tíre agus i stair na Gaeilge ab ea foilsiú Shean-Tiomna Bedell sa bhliain 1682.[1] Chomh maith céanna, bhain conspóid mhór le foilsiú an tSean-Tiomna i nGaeilge i lár an 17ú haois. Níor cheadaigh an eaglais Chaitliceach aistriúcháin ón Laidin ar an Bhíobla. Ag an am céanna, cheap Eaglais na hÉireann gur cheart gur i mBéarla seachas i nGaeilge ba chóir paidreacha na hEaglaise Protastúnaí a bheith á léamh ag muintir na hÉireann. Mar sin ní raibh deis ag an Bíobla as Gaeilge dul i gcion ar dhaoine in Éirinn, Is mór idir an scéal seo agus stair na Breataine Bige
16ú haois
Ullmhaíodh cló-aghaidh Ghaelach chuige seo agus ba é Seán Ó Cearnaigh a d’úsáid í chun Aibidil Gaoidheilge agus Caiticiosma a phriontáil. Eisean agus beirt chléireach eile, Nioclás Bhailís agus Fearganainm Ó Domhnalláin, a chuir tús leis an obair aistriúcháin féin. Ach ba é Uilliam Ó Domhnaill, a bhí le bheith ina Ardeaspag ar Thuam ina dhiaidh sin, a chuir an obair i gcrích agus a d'fhéach chuige gur foilsíodh an leabhar.
Maítear go bhfuil an leagan Gaeilge seo den Tiomna Nua bunaithe ar an mbuntéacs Gréigise, rud a thugann léamh mionchruinn an téacs le fios chomh maith.
Chuaigh an Domhnallach go Londain chun cóip den leabhar a bhronnadh ar Eilís I. Ach ní fios ar tugadh an leabhar di sular shíothlaigh sí.
Leagan Walsh agus Bedell
Sna 1630í, i ndiaidh do William Bedell é a spreagadh chun oibre, chrom Muircheartach Ó Cionga ar an Sean-Tiomna a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, agus é i dtuilleamaí Bhíobla Shéamais mar bhuntéacs.[2]
Cé gur cailleadh Bedell sula ndeachaigh an leagan seo i gcló, níor ligeadh an saothar i ndearmad.[3] Thug Denis Sheridan agus Henry Jones don iar-Íosánach Andrew Sall é.
In Oxford a bhí cónaí ar Sall. Ach d’fhill sé ar Éirinn nuair a d’iarr Robert Boyle air cuidiú le haistriú na scrioptúr go Gaeilge. D’íoc Boyle as Tiomna Nua Uí Dhomhnaill a chur in athchló. Scríobh Sall réamhrá i mBéarla don leabhar seo a bhí bunaithe ar an mbrollach i dTiomna Nua Fraincise na Jansenach.
Cé gur scoláirí Éireannacha ó Choláiste na Tríonóide a scríobh an Tiomna Nua seo (an dara leagan Gaeilge), is i Londain a foilsíodh é, sa bhliain 1682. Robert Everingham a d’fhoilsigh é, agus baineadh úsáid as cló-aghaidh nua Ghaelach a d’ullmhaigh Joseph Moxton.
Trí bliana ina dhiaidh sin, d’fhoilsigh Everingham an leagan Gaeilge den Sean-Tiomna. Ba le hairgead Boyle a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den tSean-Tiomna i 1685.[1]
Arís, is i mBaile Átha Cliath a scríobhadh agus i Londain a foilsíodh é. Ba é Aodh Ó Raghallaigh, scoláire Éireannach a d’fhostaigh Boyle, a chuir an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua in eagar faoi aon chlúdach amháin sular cuireadh i gcló iad. Bhí na hApacrafa i leagan Bedell. Ach ó tharla gur Phiúratánach é Boyle, chuir sé in aghaidh a bhfoilsithe.
Foilsíodh 500 cóip de Shean-Tiomna Bedell, agus tháinig 420 de na cóipeanna sin go hÉirinn, cé gur scriosadh formhór na mbíoblaí sna blianta ina dhiaidh sin.[1]
Sa bhliain 1690, réitigh agus d’fhoilsigh Robert Kirk eagrán de Thiomna Nua Uí Dhomhnaill agus de Shean-Tiomna Bedell sa chló Rómhánach; Boyle a d’íoc as arís. Bhí sé beartaithe an leabhar seo a úsáid in Albain. Ach níor thuig na hAlbanaigh an cineál Gaeilge a bhí ann. (Níor tiontaíodh an Bíobla ina iomláine go Gaeilge na hAlban roimh an mbliain 1801).
Cé gur "Bíobla Bedell" a thugtar air go minic, tá aistriúcháin den Tiomna Nua, a rinne Ardeaspag Thuama, William Daniel, tríocha bliain roimhe sin ar fáil ann. Ba é an t-aon aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an Bhíobla go ceann 300 bliain eile.
Ba é an leagan 1817 de “An Bíobla Naomhtha,” a cuireadh i gcló i Londain sa chló Rómhánach, an chéad fhoilsiú de Shean Tiomna Bedell agus de Thiomna Nua Uí Dhomhnuill a d'fhoilsigh Cumann Bíoblóireachta na Breataine agus na Coigríche.
Bunaithe ar an mbeagán athbhreithnithe a rinneadh i leagan 1690, rinneadh breis athbhreithnithe i leagan 1817, a chuir crot air a bhí níos gaire do Leagan Rí Shéamuis. Ar aon dul le forbairtí teangan sa Ghaeilge, rinneadh friotal agus graiméar leagan 1690 a thabhairt suas chun dáta.
Gaeilge an léinn agus de chuid seanchaighdeán clasaiceach liteartha na Nua-Ghaeilge atá san fhoilsiúcán seo. Ba mhór idir í sin agus caint na ndaoine ag an am; is mó fós de dhifríocht atá idir í agus nuaGhaeilge na linne seo. Cruthaíonn an Ghaeilge stairiúil sin deacrachtaí do léitheoirí an lae inniu - deacrachtaí atá ar aon dul leis na deacrachtaí a bhainfeadh le léamh Shakespeare sa Bhéarla.
Cuireadh Bíobla Uí Dhomhnaill agus Bedell i gcló arís agus arís eile le linn na naoú haoise déag. Is mór an úsáid a bhain na Caitlicigh féin as chomh maith.
An Bíobla Naomhtha (Bedel version, from reprint in 1817)
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éinghein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
I 1943 d’fhoilsigh Comhaltas Uladh An Scrioptúir Naomhtha: na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal arna n-aistriú ag an Athair Pádraig Mac Giolla Cheara.[4]
Earnán de Siúnta ,1951
D’athchóirigh Earnán de Siúnta aistriúchán Uí Dhomhnaill. I 1951 d’fhoilsigh an Hibernian Bible Society i mBaile Átha Cliath Tiomna Nua ár dTighearna agus ár Slánaightheora Íosa Críost do hathscríobhadh as Gaedhilg na haimsire seo le Earnán De Siúnta (An Buachaillín Buidhe) ón Tiomna Nua a d’aistrigh Uilliam Ó Domhnaill, Ardeaspog Thuaim, ón nGréigis i mbliadhain 1602.[5]
Ó Cuinn, 1970
Thar cionn Eaglais na hÉireann rinne Cosslett Ó Cuinn aistriúchán úr ar an Tiomna Nua ón nGréigis agus ón "Standard Revised Edition" agus foilsíodh sa bhliain 1970 é.
Má Nuad, 1981
Faoi stiúir Phádraig Uí Fhiannachta, foilsíodh i Má Nuad sa bhliain 1981 an chéad aistriúchán Caitliceach den Bhíobla ina iomláine (na leabhair Dheotracanónta san áireamh) ó na bunteangacha inar scríobhadh é.[6]