Cháin Boyle teoiricí an ama ar dhamhna, agus thairg teoiric adamhach[2].
Rinne Boyle turgnaimh chuimsitheacha le caidéil aeir chun airíonna folúis a scrúdú: thaispeáin sé nach bhforleathann fuaim i bhfolús, go dtiteann cleite níos tapa ann ná san aer, go múchtar coinneal ann, agus go bhfaigheann ainmhithe bás ann.
D'fhorbair sé "dlí Boyle” na ngás (pV = tairiseach), is é sin go bhfuil brú (P) is toirt (V) an gháis comhréireach go hinbhéartach lena chéile ag teocht thairiseach.
D'fhoilsigh Boyle an leabhar Sceptical Chymist (Ceimicí Amhrasach, 1661) agus bhunaigh sé an Cumann Ríoga an bhliain chéanna.
Cor cinniúnach i stair na tíre agus i stair na Gaeilge ab ea foilsiú Shean-Tiomna Bedell sa bhliain 1682. Ba le hairgead Boyle a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den tSean-Tiomna i 1685.[3]
Bhí Boyle ina stiúrthóir ar Chomhlacht na hlndia Thoir.