Bhí baint ag Bateson ar feadh a shaoil le St. John's College (Cambridge). Máistir ag St. John's a bhí ina athair, William Henry Bateson. D'fhreastail William ar Rugby School agus ansin St. John's College, mar ar bhain sé céim onóracha bhaitsiléara amach sa bhliain 1883.
Fuair sé post mar mhúinteoir ansin agus rinneadh comhalta an Choláiste de ní ba dhéanaí.
Géineolaíocht
D'oibrigh Bateson go dian chun teoiricí Gregor Mendel a chur chun cinn. Thaispeáin sé gur trí na géinte a bhronntar cuid de thréithe an athar agus na máthar ar a gclann, i ndiaidh do Hugo de Vries agus Carl Correns teacht in athuair ar shaothar Mendel sa bhliain 1900.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.