File Spáinneach ab ea Vicente Pío Marcelino Cirilo Aleixandre y Merlo (1898 – 1984). Rugadh é ar an 26ú d'Aibreán i gcathair Sevilla agus fuair sé bás ar an 13ú lá de mhí na Nollag i Maidrid na Spáinne.
Bhí sé ina bhall de Generación del 27 (Gaeilge: 'Glúin de 27'), gluaiseacht liteartha Spáinneach a bhí gníomhach idir 1923 agus 1927. Bronnadh Premio Nacional de Poesía (Gaeilge: 'Duais Náisiúnta na Filíochta') ar a chnuasach filíochta La destrucción o el amor (Gaeilge: 'An Millteanas nó an Grá') sa bhliain 1934.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1977. Ball de Real Academia Española (Gaeilge: 'Acadamh Ríoga Spáinneach') a bhí ann leis, ba í 'Cathaoir an O' a bhí aige idir 1950 agus 1984.
Féach freisin
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |