Aonad cumhachta is ea an vata. Mar a chéile é agus ráta déanta na hoibre, is é sin an ráta ídithe fuinnimh ina ghiúil in aghaidh an tsoicind: agus é sin le linn do shruth aon aimpéir amháin a bheith ag rith agus brú aibhléiseach aon volta amháin air. Innealtóir iomráiteach ba ea James Watt (1736 - 1819). Ó Albain ba ea é. Is de a ainmníodh an vata. Rinne sé taighde mór ar innill ghaile.
| Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |