Is uimhir éagóimheasta é aon réaduimhir nach uimhir chóimheasta. Sé sin chun rá, is uimhir éagóimheasta aon uimhir gur féidir scríobh mar deachúil, ach nach féidir scríobh sa chruth nuair slánuimhir iad a agus b.
Tagann an céad cruthú dearfach faoi eiseadh uimhir éagáoimheasta ó Píotágarásach éigin (Ceaptar Hippasus of Metapontum). Rinne sé an cruthú san cúigiú aois Rch, tá an cruthú bunaithe ar an fáth gur gá achar an taobhagán ar triantán dronuilleacha bheith ré-uimhir agus corruimhir ag an am céanna:
Tá cóimheas idir an taobhagán agus géag amháin an triantán a:b sna uimhreacha is simplí
Ó riail Píotágarásach tá fios againn a2 = 2b2
Ciallaíonn sin gur ré-uimhir é a, mar is ré-uimhir é cearnóg ré-uimhir (agus is corruimhir é cearnóg corruimhir)
Agus mar dúirt muid thuas go bhfuil a:b ina móid is simplí, is corruimhir é b
Mar sin is féidir a = 2o, agus a2 = 4o2
Chur ar ais san cothromóid é, agus faigheann muid 4o2 = 2b2
Sé sin chun rá: 2o2 = b2
Ach ciallaíonn a leithéid gur Ré-uimhir é b freisin, agus tá cruthúnais trí bhréagnú againn!
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.