Ministir de chuid Eaglais na hÉireann ab ea Uilliam Ó Domhnaill, DD. Ba é Ard-Easpag Thuama ó 1609 go dtí a bhás sa bhliain 1628.[1][2]
I gCill Chainnigh a rugadh é. Bhí sé ar dhuine de na chéad Scoláirí a ceapadh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin, duine de na chéad Chomhaltaí de chuid an choláiste. Le linn a thréimhse i gColáiste na Tríonóide, chuaigh sé i mbun pinn ag aistriú an Tiomna Nua go Gaeilge. Nicolás Bhailís (Easpag Osraí), Seán Ó Cearnaigh (Cisteoir Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath), agus Fearganainm Ó Domhnalláin (Ardeaspag Thuama) a chuir tús leis an saothar seo agus cuireadh i gcló sa bhliain 1602 é.[3] Chuir Ó Domhnaill Gaeilge ar Leabhar na hUrnaí Coitinne freisin, aistriúchán a foilsíodh sa bhliain 1608.[4]
Ceapadh ina phreibindire in Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath i 1591 é, agus ina Chisteoir ar an ardeaglais i 1609.[5] Ainmníodh é ina Ardeaspag ar Thuaim ar 28 Meitheamh agus coisriceadh é i mí Lúnasa 1609. Tar éis dó a bheith ina ardeaspag, lean sé ina ról mar chisteoir in commendam. Fuair sé bás i dTuaim ar 11 Iúil 1628, agus cuireadh é sa tuama céanna leis an ardeaspag go díreach roimhe, Fearganainm Ó Domhnalláin, in Ardeaglais Naomh Muire, Tuaim.[6]
Tagairtí