Ó thús a bunaithe ag Eoghan mac Néill sa 5ú haois, fo-aonaid Ailigh ba ea an tuath, i dteannta le Cineál Chonaill, gaoil trí Niall Naoighiallach, mar a mhaíodh. Bhíodh Cineál Eoghain chun tosaigh mar ríthe na tuatha, de ghnáth. Thángadar i réim agus cumhacht na nUladh ag dul i léig, a laghdaigh a riocht in oirthuaisceart na cúige.
Sa 12ú haois, scaradh ríocht Ailigh in dhá leath, agus d'éirigh Cenél nEógain ina Tír Eoghain. Bhí an tír réir cheannas ar dtús Mhic Lochlainn agus níos deireanaí clann Uí Néill. D'éirigh an chuid eile d'Aileach, Cineál Chonaill, ina Tír Chonaill.
Roimh ionradh na Normannach ar na hUlaid sa bhliain 1177, bhí Tír Eoghain an ríocht úd suntasaí i dtuaisceart Éireann, agus bhain sí an stádas sin amach arís tar éis teip Iarlacht Uladh sa 14ú haois. Le linn réimeas Eilís I Shasana, d'éirigh an tuath ina hiarlacht laistigh de Ríocht na hÉireann. I ndeireadh na dála áfach, laghdaíodh méad agus tionchar Thír Eoghain, agus cruthaíodh na contaetha Ard Mhacha agus Tír Eoghain aisti.
Le linn réimeas Séamas I Shasana, laghdaíodh Tír Eoghain tuilleadh, nuair a tugadh a barúntacht Loch Inse Uí Fhloinn sa chontae nua Dhoire isteach. D'éirigh clann Uí Néill amach arís is arís eile, an iarracht dheireanach faoi Aodh Mór Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, a d'éalaigh ó Éirinn sa bhliain 1607 mar chuid de Theitheadh na nIarlaí.