Slà bheatha feirmeoireachta ar sainiúil di tógáil tréada ainmhithe, cosúil le heallach, caoirigh, camaill, réinfhianna, gabhair nó lámaÃ. Coitianta go leor in aeráidà tirime sléibhtiúla, nó aeráidà an-fhuara nach bhfuil oiriúnach le haghaidh talmhaÃochta. Tá grúpaà ann a dhéanann an dá shaghas feirmeoireachta. Is daoine fáin cuid mhaith de na treibheanna tréadacha, a thaistealaÃonn chun talamh mhaith féaraigh a aimsiú. Agus iad ag taisteal úsáideann siad ainmhithe chun earraà a iompar. D'éirigh cuid acu ina dtrádálaithe fadtriallacha tábhachtacha. Le linn tréimhse an choilÃneachais, cuireadh bac suntasach ar imirce na ndaoine tréadacha i dtÃortha áirithe. Uaireanta leathnaigh talmhaÃocht isteach ar chimÃneacht na tréadaÃochta (mar a tharla in Uganda is réigiún na MásaÃoch in oirthear na hAfraice) agus d'fhulaing na tréadaithe gortaà marfacha, is fulaingÃonn fós.[1]
TagairtÃ
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaÃochta agus teicneolaÃochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is sÃol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt nÃos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |