Rugadh i gCoilleach Eanach i gContae Ard Mhacha in Éirinn é an 3 Samhain 1923. Tógadh é i gCamloch. Múinteoirí a thuismitheoirí, Pádraig Ó Fiaich agus Áine Ní Fhearchair, agus bhí mac eile acu, Pádraig.[1] Cailleadh an mháthair nuair nach raibh ach ocht mbliana d’aois ag Tomás; deirfiúr an athar a thug aire don teaghlach ina diaidh. Fuair sé bunscolaíocht sa Chreagán Dubh mar a raibh a athair ina phríomhoide agus is ann a mhúscail múinteoir óg a spéis sa Ghaeilge
Cuireadh é go Coláiste Pheadair, Loch Garman, agus is ann a oirníodh ina shagart é ar 6 Meitheamh 1948.
Chaith sé tamall ag obair ina dheoise féin r i bparóiste an Mhaí i dTír Eoghain. Rinne sé staidéar iarchéime agus ghnóthaigh sé céim M.A. i Stair na hÉireann ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Rinne sé staidéar ó 1950 go dtí 1952 in ollscoil Lováin na Beilge. Ghnóthaigh Lic.Sc.Hist. lena thráchtas ‘The Church in Armagh under lay control’;
Ceapadh ina Ollamh le "Nua-stair na hÉireann" é sa bhliain 1959.
Bhí sé ina leasuachtarán ar an gColáiste ó 1970 go 1974, agus ina Uachtarán ina dhiaidh sin.
Ardeaspag agus Cairdinéal
Cheap an Pápa Pól VI Tomás Ó Fiaich ina Ardeaspag ar Dheoise Ard Mhacha agus Éarlamh na hÉireann Uile ar an 18 Lúnasa1977. Eisean a bhí ina chomharba ar an gCairdinéal William Conway. Ba é rogha chléir Ard Mhacha é mar ardeaspag.
Bhain conspóid lena cheapachán mar gheall ar a dhílseacht dá dhúiche féin, dúiche a bhí sáite sna trioblóidí idir Poblachtánaigh, Dílseoirí agus Arm na Breataine lena linn. "bhí Ó Fiaich gafa idir thine an dá arm, é ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dá thaobh, an IRA agus rialtas na Breataine agus Aontachtaithe Uladh" (ainm.ie). Samhlaíodh do rialtais na Breataine agus na Poblachta go raibh Ó Fiaich ró-bháúil leis na 'Sealadaigh'.
Gaeilge agus saothair
Ó na 1950idí ar aghaidh bhí Ó Fiaich ar dhuine de mhórphearsana athbheochan na Gaeilge.[1] Throid sé go láidir in aghaidh naimhde na Gaeilge le linn dó a bheith i Maigh Nuad, agus chuir sé go mór le scoláireacht na teanga lena linn chomh maith.
Bhí aithne mhaith air i nGaeltachtThír Chonaill agus is iomaí lá a chaith sé ar cuairt inti.
D’fhoilsigh sé i rith 1960-79:
Gaelscrínte i gcéin (1960) (eagrán nua faoin teideal Gaelscrínte san Eoraip, 1986); Irish cultural influences in Europe (1966);
Leabhar Aifrinn don phobal (1966) (aistriúchán ar The people’s Mass book);
Imeacht na nIarlaí (1972) (le Pádraig de Barra);
Má Nuad (1972);
Art Mac Cooey and his times (1973); Art Mac Cumhaigh: dánta (1973);
Columbanus in his own words (1974);
Oliver Plunkett: Ireland’s new saint (1975); Oilibhéar Pluincéid (1976);
Art Mac Bionaid: dánta (1979) (i gcomhar le Liam Ó Caithnia).
Ba é a bhí ag cabhrú le Pádraig Ó Fiannachta chun leabhair an Tiomna Nua a stiúradh tríd an gcló.[1]
Scannail ghnéis
Bhí a fhios ag Tomás Ó Fiaich faoi na scannail ghnéis (Fr. Sean Fortune srl). Ach ní raibh siad san fhearann poiblí i ndáiríre nuair a bhí sé ina Chairdinéal.
Foinsí
Tá a bheathaisnéis scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Tomás Ó Fiaich (1990) agus Billy Fitzgerald, Father Tom: an authorised portrait of Father Tomás Ó Fiaich (1990)