Thomas Picton

Infotaula de personaSir Cuir in eagar ar Wikidata
Thomas Picton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Lúnasa 1758
Hwlffordd, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Meitheamh 1815
56 bliana d'aois
Cath Waterloo Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisMaraíodh i gcomhrac
Ball de 5ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síHaverfordwest Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmoifigeach míleata, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Céim mhíleataoifigeach coitianta
leifteanant-ghinearál Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogaí Réabhlóideacha na Fraince agus Cogaí Napoléon
Teaghlach
AthairThomas Picton  agus Cecil Powell
Gradam a fuarthas


Find a Grave: 49758808 Cuir in eagar ar Wikidata

Oifigeach de chuid Arm na Breataine a throid i gCogaí Napoléon ab ea an Leifteanantghinearál Sir Thomas Picton (24 Lúnasa 1758 – 18 Meitheamh 1815). Dar leis an staraí Alessandro Barbero, bhí “meas ar Phicton as a mhisneach agus bhí faitíos roimhe mar gheall ar a mheon teasaí”. (Béarla; "respected for his courage and feared for his irascible temperament" ) Thug an Diúc Wellington "a rough foul-mouthed devil as ever lived", air, ach fós féin shíl sé go raibh sé cumasach.

Áit bhreithe Phicton i Sráid an Chnoic, Hwlffordd, marcáilte le plaic ghorm chomórtha. Rinneadh an Óstán Dragon den teach ina dhiaidh sin.

Tharraing aird an phobail air ar dtús mar gheall ar a chruálacht líomhnaithe le linn dó a bheith ina ghobharnóir ar Oileán na Tríonóide (1797–1803), agus cuireadh ar a thriail i Sasana é dá bharr sin ar chéasadh neamhdhleathach Luisa Calderón, cailín 14 bliana d'aois, a cheadú.[1] Cé gur ciontaíodh Picton ar dtús, cuireadh an ciontú ar ceal ina dhiaidh sin agus Picton ag maíomh go raibh Oileán na Tríonóide faoi réir dhlí na Spáinne le linn an ama sin, rud a cheadaigh úsáid an chéasta.[2] Lean an chonspóid faoin gcéasadh agus faoi ról Phicton i dtrádáil na sclábhaithe coilíneacha. Sa bhliain 2020, vótáil Comhairle Caerdydd chun dealbh Phicton a bhaint as an ngailearaí “Laochra na Breataine Bige” i Halla na Cathrach, Caerdydd.[3] Sa bhliain 2022, d’aistrigh Ard-Mhúsaem Caerdydd portráid Phicton óna gailearaí “Oriel Wynebau Cymru” (Gaeilge: Aghaidheanna na Breataine Bige) go dtí taobhsheomra, in éineacht le cur síos ar an gcaoi ar chaith sé go brúidiúil le muintir na Tríonóide.[4]

Cuimhnítear go príomha ar Phicton mar gheall ar a ghníomhartha faoi Wellington i gCogadh Saoirse na Spáinne (1807-1814), nuair a throid sé i go leor comhrac, ag taispeáint crógacht agus diongbháilteacht mhór. Maraíodh é sa bhliain 1815 agus é ag troid ag Cath Waterloo, le linn ruathair ríthábhachtaigh bheaignite inar chuir a rannán stop le hionsaí chór Erlon ar lár na gcomhghuaillithe ar chlé. Ba é an t-oifigeach is sinsearaí é a fuair bás ag Waterloo. Bhí sé ina Fheisire Parlaiminte tráth a bháis.

Luathshaol

  1. What to do about Thomas Picton?”. museum.wales. Wales Museum. Dáta rochtana: 25 June 2020.
  2. Prior (2015-06-18). "Waterloo's hero and villain" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2020-08-02.
  3. Statue of slave owner Thomas Picton to be removed from Cardiff City Hall”. BBC (23 Iúil 2020). Dáta rochtana: 25 Iúil 2020.
  4. "Portrait of tyrant Thomas Picton moved to side room in Welsh museum". The Guardian (1 Lúnasa 2022).