Bhí Hodgkin ina bhall de Chumann na gCarad, is é sin, ina Chaecar. D'fhág a chreideamh daingean reiligiúnach a shliocht ar a shaol agus ar a shaothar araon.
Bhí an mhíochaine ar an gcloch ba troime ar a phaidrín, ach thairis sin, ba chás leis leasú na sochaí agus cúrsaí oideachais. Bhí sé ar na daoine móra carthanais lena linn, agus deirtear go raibh sé ar dhuine acu siúd ba mhó a rinne le sochaí na Breataine Móire a chur i mbealach a feabhais sa naoú haois déag. Rinne sé éachtaí móra ar mhaithe le bundúchasaigh na hAstráile agus na Nua-Shéalainne freisin, tráth a shaoil, agus ní dhearna sé dearmad de leas na ndaoine de phór na hAfraice a bhí socraithe síos i Londain.
Saol
Fuair sé oideachas cuimsitheach óna athair agus d'fhoghlaim sé teangacha móra na hEorpa, idir Ghearmáinis, Fhraincis, Iodáilis agus Spáinnis, go paiteanta. Sa bhliain 1819, chuaigh sé ag staidéar míochaine i Londain, ina dhiaidh sin i nDún Éideann. Chaith sé seal san Fhrainc agus san Iodáil freisin. San Fhrainc, d'fhoghlaim sé steiteascóp a úsáid - aireagán nua a bhí ann san am sin.
I Mí Eanáir den bhliain 1832 a d'fhoilsigh sé a alt cáiliúil faoi liomfóma Hodgkin, On the Morbid Appearances of the Adsorbent Glands and Spleen ("Faoi Chuma Ghalrach na bhFaireog Limfe agus an Liatháin").
Bhí sé cairdiúil le Sior Moses Montefiore, duine de Ghiúdaigh mhóra na Breataine Móire lena linn. Baincéir ab ea Montefiore agus é ag tál a charthanais ar mhuintir na Palaistíne go fial flaithiúil. Nuair a chuaigh Montefiore agus Hodgkin go dtí an Tír Naofa in éineacht, sa bhliain 1866, bhain tubaiste dóibh, áfach, nó buaileadh Hodgkin breoite le dinnireacht. Ní raibh an teacht aniar ann a thuilleadh, agus fuair sé bás ar an 4 Aibreán 1866. Cuireadh i Jaffa é.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.