Saolaíodh Theobald Wolfe Tone i mí an Mheitheamh 1763. Ba de shliocht clann Protastúnach Francach é a theith go Sasana ón nGascogne sa 16ú aois chun géarleanúint ar bhonn reiligiúin a sheachaint.
Baisteadh é mar Theobald Wolfe Tone in onóir ar a athair baistí, Theobald Wolfe ón Halla Dubh, Contae Chill Dara, col ceathar ar Arthur Wolfe, 1ú Viscount Kilwarden. Mar sin féin, creidtear go leathan gur mac Theobald Wolfe é Tone agus más an rud é go raibh sin fíor ba leath-dearthar é ar an bhfile Charles Wolfe.
I 1783, fuair Tone post mar thionchascóir ar Anthony and Robert, leath-dhearthaireacha ar Richard Martin, teachta pharlaiminte i nGaillimh, a thug tacaíocht go Fuascailt na gCaitliceach.
Thit Tone i ngrá le bean chéile Martin, ach níor tháinig aon rud as. I rith an tréimhse seo bhí sé ag smaoineamh faoi ghairm sna healaíona mar aisteoir.
Rinne Tone staidéar ar dlí i gColáiste na Trínóide i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sé gníomhach i gCumann Stair an Coláiste, club díospóireachta, agus tógtar é mar reachtaire ar an gcumann i 1785. Fuair sé céim BA i Feabhra 1786.
Cáiligh Tone mar abhcóide i King's Inn agus é 26 agus d'fhreastail sé ar Óstaí na Cúirte i Londain. Mar dhalta, d'éalaigh sé le Martha Witherington, iníon le William agus Catherine Witherington (née Fanning) as Baile Átha Cliath. D'aistrigh sí a ainm go Matilda mar a d'iarr Tone uirthi.
Polaiteoir
Bunaitheoir Chumann na nÉireannach Aontaithe ab ea Tone. Chaith sé tamall mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus cháiligh mar dhlíodóir. Ina óige theastaigh uaidh coilíneacht a bhunú san Aigéan Ciúin ach ní raibh duine ar bith sásta tacú leis. Dhírigh sé ar pholaitíocht na hÉireann ansin agus bhí an-éileamh ar na paimphléidí a scríobh sé faoi chás na tíre lena linn. Bhí an poblachtánachas ag teacht chun cinn ag an am, agus PreispitéirighChúige Uladh go háirithe ag teacht faoi thionchar Réabhlóid na Fraince. Bhí Tone ag agairt ar Chaitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí teacht le chéile chun poblacht a bhunú in Éirinn, agus sa bhliain 1791, i gcomhar le Thomas Russell agus Napper Tandy agus daoine eile, chuir sé Cumann na nÉireannach Aontaithe ar bun. De réir a chéile tháinig baill na heagraíochta ar an tuairim nach raibh réiteach ar bith ar chás na hÉireann ach poblacht neamhspleách a bhunú le fórsa agus tosaíodh ar chraobhacha den eagraíocht a bhunú ar fud na hÉireann.
Ceapadh Tone ina rúnaí lánaimseartha ar Choiste na gCaitliceach in earrach na bliana 1792 agus bhí sé i mbun feachtais chun cliarscoil a bhunú in Éirinn ionas go mbeadh sagairt na tíre á n-oiliúint ina dtír féin. De réir mar a chonacthas nach ngéillfeadh Rialtas na Breataine d'éileamh na nÉireannach Aontaithe chuathas i muinín na réabhlóideach sa Fhrainc. Iarradh ar na Francaigh fórsaí a chur go hÉirinn chun an réabhlóid a chur i gcrích.
Fuair na húdaráis amach go raibh an chomhcheilg seo ar bun agus gabhadh cuid mhaith de cheannairí na nÉireannach Aontaithe. Tugadh cead do Tone an tír a fhágáil agus d'imigh sé lena chlann go Philadelphia sna Stáit Aontaithe ar feadh tamaill. Ach níor thaitin na Meiriceánaigh leis, ní raibh in Washington dar leis ach "high-flying aristocrat" agus ní raibh na Meiriceánaigh chomh ceanúil ar an daonlathas agus a mhaígh siad, dar leis.
1796
Chuaigh Tone go Páras chun an Stiúrthóireacht a spreagadh chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Sheoil cabhlach mór le 14,000 fear as calafort Brest ach theip go tubaisteach ar an iarracht teacht i dtír i gCuan Bheanntraí i 1796. Chaith Tone tamall ina oifigeach in arm na Fraince agus rinne sé cúpla iarracht eile ionradh a eagrú i gcomhar leis na Francaigh agus na hOllannaigh.
1798
Thosaigh Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe in Éirinn i 1798 agus Tone thar sáile, agus arís rinne sé a dhícheall chun ionradh Francach a eagrú. Cuireadh fórsa beag go Maigh Eo faoi cheannas Humbert ach bhí formhór na tíre ceansaithe ar Arm na Breataine faoin am sin agus níor mhair an feachtas sin i bhfad.
Chuaigh Tone é féin le cabhlach beag go Loch Súilí ach chloígh cabhlach na Breataine go héasca é agus gabhadh Tone.
Triail agus bás
Daoradh chun báis é, ach ghearr sé a scornach le scian póca ar an 12 Samhain1798. Tháinig sé slán as agus dúirt sé, is cosúil, "I ‘m sorry I’ve been so bad an anatomist", Ach fuair sé bás i bpríosún cúpla lá ina dhiaidh sin, ar an 19 Samhain 1798. Tháinig ionfhabhtú air,.. b'fhéidir.
Oidhreacht
Bhí an-tionchar ag scríbhinní agus gníomhartha Wolfe Tone ar ghluaiseacht na saoirse agus na poblachta in Éirinn ó lá a bháis.
↑Máirtín Ó Cadhain (1999). "Tone Inné agus Inniu" (ga). Litríocht. Dáta rochtana: 2020-11-19.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.