Grúpa hip hap is ea The Rubberbandits (Gaeilge: Na Ropairí Rubair[1]) as Cathair Luimnigh in Éirinn, agus is iad Blindboy Boatclub (fíorainm Dave Chambers) agus Mr. Chrome (fíorainm Bob McGlynn) is mó a bhí chun tosaigh ann. Cuireann siad málaí siopadóireachta plaisteacha orthu chun a aithne a cheilt ar stáitse. Bhíodh DJ Willie O'Dea J in éineacht leo ar stáitse go minic, ina thost agus masc air, scigléiriú ar an bpolaiteoir Luimníoch, Willie O'Dea[2]. Roinnt fear a léirigh DJ Willie O'Dea J, an DJ raidió Paul Webb ina measc[3]. Bhí gnéithe éagsúla den ealaíon fhísiúil agus den ealaíon choincheapúil i gceist, agus tugadh Gas Cuntism ar an ghluaiseacht.[4]
Ar feadh na mblianta, bhí Na Ropairí ar stáitse ag an bPicnic Leictreach agus Féile Ghrinn Idirnáisiúnta Bulmers. Bhí siad ina mbanna tacaíochta ag Alabama Three, Super Extra Bonus Party, agus Ice Cube[5].
D'eisigh Na Ropairí an t-amhrán Horse Outside ar an 8 Nollaig2010. Bhí breis is milliún radharc YouTube bainte amach acu taobh istigh de sheachtain.[6] Sa bhliain 2011, bronnadh Best Irish Act de chuid Entertainment.ie orthu, agus bronnadh duais IFTA ar Horse Outside[7][8]. Bhí an-tóir freisin ar Ba Mhaith Liom Bruíon le d'Athair sa bhliain 2011 ar leagan Gaeilge é d'amhrán a chuir siad amach roimhe sin é.
In Aibreán 2014, chum agus chan siad ceol aitheantais do shraith idirlín Russell BrandThe Trews[9].
Scríobh siad sceitsí grinn ar an tsraith ghrinn RTÉRepublic of Telly, an físeán Horse Outside san áireamh.[10] In 2011, chruthaigh siad sraith idirlín do MTV[11]. Scríobh agus rinne siad tráchtaireacht ar an tsraith theilifíse The Impossible Gameshow, seó cluichí a bhí ar siúl ar ITV ó 2015 go 2016[12]. In 2016, chruthaigh siad sraith fhaisnéise aoir, The Rubberbandits' Guide to Everything, ar RTÉ.
In 2017, úsáideadh an t-amhrán Dad's Best Friend ar fhuaimrian an scannáin Trainspotting: T2[13]. An bhliain chéanna, chuir siad amach Sonny, amhrán faoi mheabhairshláinte agus féinmharú.[14]
In 2020, chuir siad amach na hamhráin Bertie Ahern agus Waiting[15].
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.