Baineann an t-alt seo leis an clár ar RTÉ; má tá suim agat sa gclár Meiriceánach, féach The Late Late Show (CBS).
Is seó cainte é The Late Late Show a chraoltar ar an gcainéal RTÉ a hAon gach Aoine ó Mheán Fómhair go dtí Bealtaine ag 21:30.[1] "Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre é an Late Late, meascán mearaí den trom agus éadrom."[2]
Tá meas mór ar an Late Late in Éirinn sa lá atá inniu ann. 'Sé an seó comhrá is fadmharthanaí ar domhan inniu.
Stair
Craoladh an Late Late Show don chéad uair riamh ar 6 Iúil1962, le Gay Byrne mar fhear an tí.[3] Ag an am sin, bhí sé ar siúl gach Satharn. Clár conspóideach a bhí ann sna luath-laethanta agus Gay Byrne mar láithreoir. D’éirigh le "GayBo" an tsuáilce agus an duáilce a chniotáil le chéile. Ba chlár é a gcaití féachaint air óir gur rímhinic a d’eascair allagar na seachtaine as. Ba mhinic breis agus milliún daoine ag féachaint ar gclár.
D’éirigh le láithreoir nua, Ryan Tubridy, in 2009 breis agus 1.6 milliún duine a mhealladh. Ach sa bhliain 2023, ní raibh uaireanta ach 400,000 duine ag féachaint ar an gclár agus d'éirigh sé as a phost.[2]
Ceapadh Patrick Kielty mar láithreoir agus chuir sé tús le séasúr nua ar 15 Meán Fómhair 2023.[4][5]
Conspóidí
Ann Lovett, 1984: Cailleadh an ghirseach ar 31 Eanáir1984. Ba ea Gay Byrne ar an The Late Late Show a d’aimsigh an nuacht ar dtús. "Nothing terribly exciting there", a dúirt sé, agus é ag athbhreithniú na nuachtán.[6] Ach bhain bás an déagóra croitheadh as pobal na hÉireann na laethanta ina dhiaidh.