Is é Teilifís an Oireachtais (Béarla: Oireachtas TV) an cainéal teilifíse le haghaidh Oireachtas Éireann. Cainéal Theilifís an Oireachtais nó Houses of the Oireachtas Channel a bhíodh air. Bunaíodh é in 2009 mar chuid den Acht Craolacháin 2009. Bíonn sé á chraoladh i mBéarla agus i nGaeilge.
Bíonn imeachtaí coiste, díospóireachtaí Dála, díospóireachtaí de chuid an tSeanaid, cláir staire, léachtaí agus taifid d'imeachtaí oifigiúla eile á gcraoladh ar an gcainéal.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.