Sliabh i gContae Bhaile Átha Cliath is ea Sliabh Thigh Bródáin[1] (Béarla: Tibradden Mountain) (467 m). Ar shleasa deisceartacha an tsléibhe, feadh bhóthar an R116 tá carraig ar a bhfuil an inscríbhinn seo a leanas greanta, “O'Connell's Rock, 23 July 1823”. Thug Dónall Ó Conaill óráid uaithi don phobal áitiúil agus iad ag ceiliúradh Dhomhnach Chrom Dubh (Garland Sunday) na bliana sin.
Tagairtí
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |