Slam Filíochta Liú Lúnasa

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSlam Filíochta Liú Lúnasa
Map
 54° 35′ 47″ N, 5° 55′ 48″ O / 54.5964°N,5.93°W / 54.5964; -5.93
Cineálslam filíochta
comórtas Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deLiú Lúnasa Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2017 - 
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Buaiteoir

Comórtas filíochta ó bhéal is ea Slam Filíochta Liú Lúnasa ina ngabhann "filí na Gaeilge in adharca a chéile chun duaiseanna iontacha airgid a bhaint."[1] Bíonn sé ar siúl gach bliain mar chuid den fhéile imill Liú Lúnasa. Áirítear é mar cheann de na himeachtaí is spleodraí i bhféilire na hÉireann.[2]

Stair

Tá an Slam Filíochta "ag dul ó neart go neart ó cuireadh ar bun é" in 2017 agus luaitear mar cheann de buaicphointí na Féile Liú Lúnasa é.[3][4] Déanann sé "ceiliúradh ar achan rud a sheasann an fhéile ar a son: An Ghaeilge, cultúr gaelach agus cultúr ar an imeall a chur chun cinn."[3]

Cur chuige

Rud nach ionann agus comórtais liteartha eile, bíonn tábhacht faoi leith ag baint le teacht i láthair sa Slam – "Ní amháin go bhfuil tábhacht agus béim leagtha ar an chumadóireacht, tá tábhacht mhór leis an léiriú chomh maith: an bealach a chuirtear an píosa slam i láthair, tuin, guth, mothúchán, béim srl."[5]

Is preabchúirt í an Slam. Snagstáitse. Fás-aon-oireachtais. Aonach ársa úr-éigse.

Ócáid go dtagann gramaisc le chéile d’fhonn duine den slua a ghríosadh chun filíochta, agus tathant ar an té sin a gcéadfaithe a dhúiseacht agus a mbrionglóidí a bhriathrú.

—Séamus Barra Ó Súilleabháin[6]

Níl teorainn ar bith ó thaobh ábhair ná stíle. Is cuma iad ciúin glórach, geal riabhach, éagsúil nó ait.[6] Tá "scoth na bhfilí" tar éis leas a bhaint as an "ardán an-spéisiúil" a chuireann an Slam Filíochta ar fáil dóibh chun dul i ngleic le réimse leathan téamaí ón ngéarchéim tithíochta go dtí stair fada na ndaoine aiteacha.[7]

Buaiteoirí

Bliain Céad Áit Dara hÁit Tríú hÁit Moltóirí
2024[8] Ciara Ní É Cuan De Búrca Colm Mac Gearailt Milène Fegan, Máire Zepf agus Seán Ó Muireagáin
2023[9] Cormac Mac Gearailt Pádraig De Chléire Colm Mac Gearailt Ciara Ní É, Seán Ó Muireagáin agus Séamus Barra Ó Súilleabháin
2021[10] Sam Ó Fearraigh

le ‘Seanchas na mBan

Julie Goo

leis ‘An Rás

Eoin P. Ó Murchú

le ‘Géarchéim

Gráinne Ketelaar,[3] Ciara Ní É, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin
2020[11] Sinéad Ní Thuamáin

le ‘Comhrá Gan Mhaith

Sam Ó Fearraigh

le ‘Mise Aerach

Ciara Ní É

le ‘Smaointe faoi Chíocha

Séamus Barra Ó Súilleabháin[12]
2019[13] Colm Mac Gearailt

le ‘Deor(a)-íocht[14]

Dubhán Ó Longáin Maoilíosa Scott Séamus Barra Ó Súilleabháin, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin[15]
2018[16] Dubhán Ó Longáin Colm Mac Gearailt Seaghan Mac an tSionnaigh Séamus Barra Ó Súilleabháin, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin[17]
2017[18] Milène Fegan Sionainn Ní Ghréacháin

le ‘Airím Uaim

Roinnte idir Dáire Ní Chanáin le ‘Litir do mo Ghrá’, agus Eoin P. Ó Murchú Seán Ó Muireagáin, Réaltán Ní Leannáin agus Séamus Barra Ó Súilleabháin

Bronnadh Duais Aitheantais ag Slam '17 ar Tuán Ó Ruanaidh.[19]

Féach freisin

Naisc sheachtracha

  • Bí san iomaíocht sa Slam

Tagairtí

  1. "Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag ceiliúradh 10 mbliana de Liú Lúnasa". NÓS (2024-08-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
  2. "Ireland's Only Irish-Language Poetry Slam Returns" (en-IE). Boundless & Bare (2024-08-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 2024-08-29.
  3. 3.0 3.1 3.2 "❗4 LÁ LE D'IARRATAS A CHUR ISTEACH AR AN SLAM FILÍOCHTA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
  4. Roibeard Mac Maoláin (28 Lúnasa 2024). "Liú Lúnasa: Féile na nGael óg ag teacht in aibíocht i mbliana". Irish Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2024.
  5. Ciara Ní É (27 Iúil 2021). "Slam Liú Lúnasa". Mise Ciara. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Iúil 2021. Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2024.
  6. 6.0 6.1 Séamus Barra Ó Súilleabháin (2017-08-20). "Slam filíochta Liú Lúnasa". An tUltach. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Samhain 2023. Dáta rochtana: 2024-08-29.
  7. "Tugann Sam leis an Slam agus duais £500". Irish Independent (01 Meán Fómhair 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2024.
  8. Liú Lúnasa. "Slam Filíochta 2024". www.instagram.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  9. Liú Lúnasa (28 Lúnasa 2023). "An Slam Filíochta Liú Lúnasa 2023!". www.instagram.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  10. "Slam Filíochta Liú Lúnasa buaite ag Sam Ó Fearraigh". NÓS (30 Lúnasa 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 Márta 2024. Dáta rochtana: 2024-08-31.
  11. "Slam Filíochta Liú Lúnasa buaite ag Sinéad Ní Thuamáin". NÓS (29 Lúnasa 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2024. Dáta rochtana: 01 Meán Fómhair 2024.
  12. Sinéad Ní Uallacháin (28 Lúnasa 2020). "Slam Filíochta Liú Lúnasa agus imeachtaí eile". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  13. Liú Lúnasa (24 Lúnasa 2019). "SLAM FILÍOCHTA 2019". www.facebook.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  14. NÓS (2021-01-05). "'Línte scríte i ngarraí mo smaointe' - dán nua dianghlasála le Colm Mac Gearailt". NÓS. Dáta rochtana: 2024-08-31.
  15. "Slam filíochta, Margaret Thatcher, agus tiúns - NÓS". NÓS (17 Iúil 2019). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 Márta 2024. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  16. BLOC (28 Lúnasa 2018). "Liú Lúnasa 2018 | Buaiteoirí Slam Filíochta". Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  17. Liú Lúnasa (8 Lúnasa 2018). "Slam Filíochta". Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  18. Siún Ní Dhuinn (21 Meán Fómhair 2021). "Slam Bhéal Feirste ag Liú Lúnasa". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 Meán Fómhair 2021. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  19. Liú Lúnasa (24 Lúnasa 2017). "Facebook". www.facebook.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.