Ar an 2 Feabhra 1982 thosaigh éirí amach in Hama na Siria, agus Sunnaígh ina gcónaí ann (An Bráithreachas Ioslamach).
Bhí an deachtóir, Hafez al-Assad ina Uachtarán ar an tSiria. Alabhaíteach ba ea Assad. Bhí cumhacht díréireach ag na hAlabhaítigh ar an tír le linn a réimis. Spreag Assad fuath seicteach agus bhain sé úsáid as "scarúint agus treascairt" chun an tír a rialú.
D'ionsaigh fórsaí Hafez al Assad an chathair. Fuath seicteach, go príomha, ba bhun leis an ionsaí. Fuair ar a laghad 20,000 duine bás, agus is féidir go raibh an líon i bhfad níos mó.
Sa leabhar ‘Tribes with Flags’ a scríobh Charles Glass faoin ábhar, tá cur síos ar an scliúchas a tharla idir na Moslamaigh ‘Sunni’ agus fórsaí an rialtais faoin bPáirtí Sóisialach Ba’áth, a bhí faoi smacht ag na hAlabhaítigh. Deirtear go bhfuair suas le 40,000 duine bás san eachtra sin. Sa tuairisc a thug Glass ar an slad a rinne an rialtas ar an gcathair, deirtear go raibh na ceardaithe gníomhach san eachtra agus go raibh deireadh leis na daoine ar fad a bhíodh ag cur éadach cáiliúil Hama i gcló. Leis sin, tháinig deireadh leis an tionscal clódóireachta a bhláthaigh ann ar feadh na gcéadta bliain roimhe sin.[1]
Féach freisin
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |