Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsico é Sinaloa, agus é suite in iarthar na tíre, ar chósta Mhurascaill California. Is é Culiacán Rosales an phríomhchathair agus an chathair is mó. Bhí 2,806,664 duine ina gcónaí sa stát sa bhliain 2012. Is iad na Cahíta an pobal bundúchasach is mó i Sinaloa. Áirítear Cártel de Sinaloa mar an cartel drugaí is mó sa Domhan Nua.